Scáil an Phríosúin

Scáil an Phríosúin. Seo an tríú húrscéal le Anna Heussaff. Bean óg ina luí marbh i bPríosún Chill Mhaighneann, Saoirse Ní Néill is ainm di, ach cén fáth gur maraíodh í?

€12.00

Stoc ar fáil

Product ID: 32445 ISBN: 9781784441197 Catagóirí: , , , , Clib:

Sladmhargadh – Ba mhaith linn comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Anna Heussaff agus Céim Oinigh á bronnadh uirthi ag Ollscoil na Gaillimhe an tseachtain seo, ar an Déardaoin, 27 Samhain, 2025. Tá lascaine 20% ar gach leabhar le Anna Heussaff an tseachtain seo ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht agus sa siopa sa Spidéal.

Seo an tríú húrscéal bleachtaireachta do dhaoine fásta le Anna Heussaff. Dhá dhúnmharú sa chillín céanna i bPríosún Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath, ceann acu sa lá atá inniu ann agus an ceann eile sa 19ú haois. Cén ceangal dáiríre atá eatarthu?

Ó thosaigh Anna Heussaff ar an scríobh cruthaitheach sa bhliain 2002, foilsíodh cúig úrscéal eile léi as Gaeilge: dhá úrscéal bleachtaireachta do léitheoirí fásta, Bás Tobann (Cois Life, 2004) agus Buille Marfach (Cló Iar-Chonnacht, 2010), iad araon suite i mBéarra ar chósta an iardheiscirt; dhá úrscéal mistéire do léitheoirí óga in aois 10 – 14 bliana, Vortex (Cois Life, 2006) agus Hóng (Cló Iar-Chonnacht, 2012), ina bhfuil cluichí scáileáin fite fuaite in eachtraí an scéil; agus úrscéal grá comhaimseartha d’fhoghlaimeoirí fásta, Cúpla Focal (Cois Life, 2007).

Bronnadh mórdhuais i gComórtais Liteartha an Oireachtais ar gach úrscéal díobh; agus sa bhliain 2013, thuill Hóng Gradam Speisialta na Moltóirí ag ócáid Leabhair Pháistí Éireann, duaiseanna CBI, nó na Bistos mar a thugtaí orthu tráth. Fógraíodh ag Féile an Oireachtais 2015 gur thuill Scáil an Phríosúin príomhdhuais an úrscéil sna comórtais.

Tá Scáil an Phríosúin suite i gceantar stairiúil Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil cónaí ar Anna Heussaff le fada. Tá na lárcharachtair chéanna sa scéal is a bhí sna húrscéalta i mBéarra.

Meáchan 430 g
Toisí 18 × 13 cm

Seans gur spéis leat...