Daideo (closleabhar saor in aisce)

Leagan closleabhair den teideal spreagúil seo do dhéagóirí léite ag an údar féin, Áine Ní Ghlinn. An audio version of this wonderful book for teenagers read by the author herself, Áine Ní Ghlinn.

0.00

Stoc ar fáil

[flipbook-popup id=”daideo”]

Léigh sliocht as an leabhar >>

[/flipbook-popup] Buachaill ar a theitheadh óna thuismitheoirí. Seanduine ar a theitheadh óna pháistí. Castar ar a chéile iad ar an traein go Baile Átha Cliath. Éisteann siad le scéalta a cheile. Tuigeann siad a chéile. Cén toradh a bheidh ar an gcairdeas nua seo? Bhuaigh an leabhar seo duais Oireachtais agus Gradam Réics Carló in 2014. Bhuaigh sé freisin an duais le haghaidh ficsin ó Leabhar Pháistí Éireann (CBI), duaiseanna leabhair na bliana, in 2015, agus sa bhliain chéanna Gradam Leabhar do Pháistí ó Chumann Litearthachta na hÉireann. Leagan closleabhair den teideal spreagúil seo do dhéagóirí léite ag an údar féin, Áine Ní Ghlinn. Is féidir an comhad a íoslódáil go saor in aisce anseo thíos. Áis luachmhar le húsáid i dteannta an leabhair féin ag léitheoirí aonair, agus go háirithe ag múinteoirí agus ag daltaí. Éist leis an gclosleabhar anseo thíos. Is féidir leat é a íoslódáil ach brúigh ar an gcnaipe beag ar dheis.

Foilsithe

2014

Tá Liam óg ar a theitheadh. Níl sé ach dá bhliain déag d’aois, ach tá sé braon d’argóintí a thuismitheoirí agus d’fhoiréigean a Dhaid. Agus é ar an traein go Baile Átha Cliath, buaileann sé le seanfhear atá ar a theitheadh chomh maith. Tá a bhean chéile tar éis bás a fháil, agus tá a pháistí tar éis é a chur i dteach altranais, áit nach dtaitníonn leis ar chor ar bith. Cuidíonn an seanfhear le Liam an dallamullóg a chur ar fhear na dticéad, atá amhrasach faoi bhuachaill chomh beag sin a bheith ag taisteal ina aonar. Deir an seanfhear gur eisean Daideo Liam, agus tosaíonn cairdeas idir an bheirt teifeach. Insíonn siad a scéalta truamhéalacha dá chéile, ach an mar a shíltear a bhítear? Leabhar gairid é seo a fhaigheann greim ar an léitheoir. Chuirfeadh sé dráma aonghnímh i gcuimhne; níl ann ach trí phearsa agus tarlaíonn an t-aicsean go léir laistigh de thréimhse ghairid. Thaitneodh an leabhar le léitheoir ar bith a bhfuil suim aige nó aici sa tsíceolaíocht, agus bheadh sé thar a bheith oiriúnach mar úrscéal ranga le daltaí 12-14 bliain d’aois a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu. Níl sé rófhada, tá an plota simlplí gan a bheith leadránach, agus úsáidtear teanga shaibhir ach shoiléir. Pléitear téarmaí ann a bhaineann le saol daoine óga sa lá atá inniu ann, agus, gan an deireadh a nochtadh, scéal rabhaidh atá ann a mhúineann ceahcht an-úsáideach faoi bheith ag caint le stainséirí. 12-14
Siobhán McNamara, Inis, Samhradh 2014

Eachtra pinn Áine faoi scéal comhaimseartha
Seanduine eile ach seanathair atá le fáil i leabhar nua, Áine Ní Ghlinn, Daideo (Cois Life, €6). Scéal gasúir óig atá ag teitheadh óna thuismitheoirí atá ann agus seanduine atá ag iarraidh éalú óna pháistí féin. Castar ar a chéile iad, éisteann siad le chéile ach cén toradh a bheidh ar an chumann úr seo agus iad ag taisteal ar an traein go Baile Átha Cliath? Oiread chéanna le Standún, is fada Ní Ghlinn i mbun pinn agus tá a chuid féin déanta aici de scríbhneoireacht na n-óg. Tá ceithre chnuasach filíochta agus 18 leabhar do dhéagóirí agus go léitheoirí óga scríofa aici. Bhain an leabhar áirithe seo duais Oireachtais na Gaeilge sa bhliain 2013.
The Irish Times, 30 Lúnasa 2014