Ciseán 0

Plean Gníomhaíochta AeráideCur síos ar pholasaí agus ar phlean gníomhaíochta athrú aeráide Chló Iar-Chonnacht.

Plean Gníomhaíochta Aeráide

Polasaí agus Plean Gníomhaíochta Athrú Aeráide Chló Iar-Chonnacht

Tá Cló Iar-Chonnacht tiomanta don tionchar aeráide a bhíonn ag an gcomhlacht a laghdú agus cleachtais inmharthanachta a chur chun cinn in earnáil na foilsitheoireachta.

Mar ghnó beag atá ag brath ar acmhainní ar nós páipéir agus fuinnimh, aithníonn muid an gá atá ann le gníomh fiúntach a dhéanamh le dul i ngleic le hathrú aeráide agus ár lorg carbóin a laghdú chomh fada agus is féidir linn.

Tá cur síos sa bplean gníomhaíochta aeráide seo thíos ar na spriocanna, na straitéisí agus na gealltanais atá againn le tacú leis na h-aidhmeanna seo.

Spriocanna

Laghdaigh an lorg carbóin – laghdaigh astuithe gháis ceaptha teasa trí éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus measúnú a dhéanamh ar fhoinsí fuinnimh inathnuaite.

Úsáid páipéir inbhuanaithe – Tabhair tús áite do pháipéar a aimsítear go freagrach, atá athchúrsáilte agus a bhfuil teastas FSC aige do na h-éilimh priontála atá againn.

Cleachtais chlódóireachta éiceabhacha – Bain úsáid as clódóirí a bhaineann úsáid as dúchanna, modhanna clódóireachta agus malairtí digiteacha éiceabhacha.

Gníomhaíochtaí – laghdaigh an fuílleach atá againn trí phacáistí freagrach, admhálacha digiteacha agus cuir tograí athchúrsála i bhfeidhm.

Idirghníomaíocht bhaill foirne – cuir traenáil ar fáil don fhoireann agus tacaigh le gníomhaíochtaí a bhaineann le hathrú aeráide.

Straitéisí agus Tograí 

Éifeachtúlacht fuinnimh & fuinneamh inathnuaite 

  • Aistrigh spásanna oifige agus acmhainní go soilsiú agus fearais atá éifeachtúil ó thaobh úsáid fuinnimh. Athraigh soilsiú an tsiopa go bleibíní LED.
  • Scrúdaigh na féidireachtaí a bhaineann le h-aistriú go soláithreoir leictreachais inathnuaite.
  • Cuir polasaithe caomhnaithe fuinnimh i bhfeidhm ar nós múchadh uathoibríoch ríomhaire agus fearais.

Páipéar agus Priontáil inbhuanaithe 

  • Bain úsáid as clódóirí a bhaineann úsáid as páipéar atá deimhnithe ag an FSC nó eagraíocht choibhéiseach eile.
  • Méadaigh an úsáid atá á baint againn as páipéar athchúrsáilte
  • Oibrigh le clódóirí a bhaineann úsáid as próiséis phriontála éiceabhach
  • Cuimhnigh ar phriontáil dhigiteach agus ríomhleabhair nuair is cuí le h-úsáid pháipéir a laghdú
  • Laghdaigh ritheanna cló nuair is féidir le laghdú a dhéanamh ar chur amú páipéir agus laíonáil.
  • Laghdaigh an méid páipéir a úsáidtear san oifig trí cháipéisí digiteacha a chur chun cinn.

Athchúrsáil agus laghdú ar bhruscar

  • Laghdaigh an pacáistí agus cur an athchúrsáil chun cinn ar fud na hoifige do pháipéar, cairtchlár, dúch agus ábhar pacáistiú
  • Tacaigh le hathúsáid páipéir agus ábhar eile nuair is féidir
  • Laghdaigh úsáid plaisteach san oifig trí málaí páipéir a chur ar fáil sa siopa leabhar
  • Tacaigh le custaiméirí a málaí féin a thabhairt leo don ábhar a cheannaíonn siad

Idirghníomhaíocht Foirne 

  • Cuir am ar fáil do thraenáil foirne agus tacaigh le cúrsaí ar-líne don fhoireann maidir le cleachtais inbhuanaithe.
  • Tacaigh le cleachtais oifige inbhuanaithe ar nós cáipéisíocht dhigiteach agus cianobair
  • Cur cultúr inbhuanaithe chun cinn sa láthair oibre

Monatóireacht agus Measúnú

Le cinntiú go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn:

  • Coinneoidh muid súil ar úsáid fuinnimh agus iarrachtaí laghdaithe fuílligh
  • Lorgóidh muid aischothú ó chuisteiméirí agus an fhoireann ar thograí inbhuanaithe
  • Déanfaidh muid athrú ar an straitéis bunaithe ar thaighde nua agus ar dhea-chleachtais

Is í an aidhm atá ag Cló Iar-Chonnacht leis an bplean gníomhaíochta seo ar athrú aeráide ná páirt a ghlacadh in earnáil foilsitheoireachta atá níos inbhuanaithe. Tugann muid aitheantas don fhreagracht atá orainn le h-athrú aeráide a mhaolú agus tá muid tionanta le gníomhú chun cinn i dtreo tionscal níos glaise.

0
Cló Iar-Chonnacht