izmir escortantika alanlarantika alanlarAccident LawyerDental ImplantiqosAntika alan yerlerizmir escortantika alanlarantika alanlarAccident LawyerDental ImplantiqosAntika alan yerler
Ciseán 0

Beartas Príobháideachais

Iarraimid ort an polasaí príobháideachais seo a léamh sula mbainfidh tú úsáid as an suíomh nó go gcuireann tú aon eolas pearsanta ar fáil. Trí úsáid a bhaint as an suíomh seo tá tú ag glacadh leis na cleachtais a bhfuil cur síos orthu sa pholasaí príobháideachais seo. Tá muid tiomanta do chomhlíonadh na ndualgas cosaint sonraí mar atá leagtha amach sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).

D’fhéadfadh na cleachtaithe seo athrú ach postálfar aon athruithe ar ár suíomh idirlín agus ní bhainfidh athruithe ach le gníomhaíochtaí agus eolas ó dháta an athruithe ar aghaidh. Moltar duit léamh eile a dhéanamh ar ár bpolasaí príobháideachais ó h-am go céile nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh le cinntiú go bhfuil tuiscint agat ar an mbealach a úsáidfear aon eolas pearsanta a chuireann tú ar fáil. Baineann an polasaí príobháideachais seo le www.cic.ie amháin.

Bailiú eolais

Ní bhailímid eolas go bhféadfaí duine a aithint dá réir, ar nós ainmneacha, seoltaí poist, seoltaí ríomhphoist &rl, ach amháin nuair a roghnaíonn cuairteoirí an t-eolas sin a chur ar fáil dúinn. Baintear úsáid as an eolas a chuireann tú ar fáil le d’iarratas sonrach a chomhlíonadh. Ní bhaintear úsáid as an eolas ach le d’iarratas sonrach a chomhlíonadh, ach amháin sa chás is go dtugann tú cead lena úsáid i gcomhthéacs eile, mar shampla le do sheoladh ríomhphoist a chur lenár liosta teagmhála.

Úsáid fianáin/teicneolaíocht rianaithe

D’fhéadfadh go mbainfeadh an suíomh úsáid as fianáin agus teicneolaíocht rianaithe ag brath ar na gnéithe atá á n-ofráil. Tá fianáin agus teicneolaíocht rianaithe úsáideach le heolas a bhailiú maidir leis an gcineál brabhsaire agus córas oibriúcháin atá in úsáid le cuairt a thabhairt ar ár suíomh idirlín. Cabhraíonn sé seo linn le líon na gcuairteoirí chuig ár suíomh idirlín a rianú agus le tuiscint a fháil ar na bealaí go mbaineann cuairteoirí úsáid as an suíomh. Ní féidir eolas pearsanta a bhailiú le fianáin ná le teicneolaíocht rianaithe, ach má tá eolas pearsanta tugtha agat roimh ré d’fhéadfadh go mbeadh fianáin ceangailte lena leithéid d’eolas. D’fhéadfaí go roinnfí eolas maidir le fianáin agus rianú le páirtí seachtaracha ach ar bhonn comhbhailithe amháin agus ní ar bhealach go bhféadfaí duine a aithint dá réir.

Roinnt agus dáileadh eolais

D’fhéadfadh go roinnfeadh muid eolas le forais rialtais nó comhlachtaí eile atá ag cabhrú linn um chosc calaoise nó le fiosrúcháin. D’fhéadfadh go roinnfeadh muid an t-eolas seo sna cásanna seo a leanas:

  1. Nuair atá a leithéid ceadaithe nó éilithe de réir dlí
  2. Le cosaint in aghaidh nó le stop a chur le calaois nó le idirbheartanna neamhúdaraithe
  3. Fiosrúcháin ar chalaois atá tarlaithe cheana féin.

Sna cásanna seo níl an t-eolas á roinnt ar mhaithe le cúiseanna margaíochta.

Tá muid tiomanta do shlándáil sonraí

Coinnítear d’eolas pearsanta slán. Níl teacht ar an eolas seo ach ag fostaithe, gníomhaithe agus conraitheoirí údaraithe (atá faoi choinníoll leis an eolas seo a choinneáil slán agus faoi rún). Tugann gach ríomhphost agus nuachtlitir a thagann ón suíomh seo an rogha duit le do sheoladh ríomhphoist a bhaint ón liosta.

Má tá aon cheist, buairt nó ráiteas le déanamh agat faoinár bpolasaí príobháideachais ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ag eolas@cic.ie nó ar an nguthán ++ 353 (0) 91 593307.

0
Cló Iar-Chonnacht