izmir escortantika alanlarantika alanlarAccident LawyerDental ImplantiqosAntika alan yerler
Ciseán 0

Polasaí maidir le haisíocaíochtaí

Polasaí maidir le haisíocaíochtaí agus le táirgí a chur ar ais

Déanaimid gach iarracht a chinntiú go mbeidh tú sásta le do cheannachán. Sa gcás, áfach, go bhfuil ort táirge a sheoladh ar ais chugainn faigh thíos ár bpolasaí le táirgí a chur ar ais.

Má tá tú míshásta le do tháirge déan teagmháil linn taobh istigh de dhá lá agus déan cur síos ar an bhfáth go bhfuil an táirge á sheoladh ar ais. Ní mór an táirge a sheoladh ar ais taobh istigh de sheacht lá. Bunaithe ar an gcomhfhreagras déanfaimid ceann de na rudaí seo.

  1. Seolfaimid aisíocaíocht iomlán chugat
  2. Seolfaimid táirge eile ina áit

Coimeadaimid an ceart le táillí idirbheartaíochta agus postais a choinneáil.

Baineann an polasaí maidir le haisíocaíochtaí agus le táirgí a chur ar ais lenár dtáirgí clóite amháin. Is oth linn nach féidir linn an polasaí seo a ofráil ar tháirgí digiteacha seachas i gcás táirge fabhtach.

San áireamh i dtáirgí digiteacha tá: DVD, ríomhleabhair, íoslódálacha ceoil dhigitigh. I gcás táirge fabhtach cuirfimid earra ionaid ar fáil.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait ar an bpolasaí seo nó más féidir linn cabhrú leat ar aon ábhar eile ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn. Seol r-phost chugainn ag eolas@cic.ie agus beimid breá sásta cabhrú leat le d’fhiosrúchán.

Costas seachadta ar tháirgí a chuirtear ar ais

Má tá tú ag cur táirge ar ais mar gheall ar bhotún a rinne muide ofrálfaimid aisíocaíocht iomláin ar na costais phoist leis an táirge a chur chugat agus aisíocaíocht ar do chuid costais phoist leis an dtáirge a chur ar ais chugainn.

Má tá táirge fabhtach á sheoladh ar ais agat íocfaidh muid do chuid costais phoist ar ais leat agus seolfaimid táirge nua ina áit gan aon chostas breise.

Sa chás is go bhfuil táirge á sheoladh ar ais agat ar aon ábhar eile beidh tú féin freagrach as aon chostaisí poist a bhaineann leis.

Le táirge a sheoladh ar ais déan teagmháil linn, le do thoil ag eolas@cic.ie nó ar an nguthán ag ++ 353 (0) 91 593307 agus bíodh d’uimhir ordaithe ar lámh agat, más féidir. Bheimis buíoch díot ach d’uimhir ordaithe a chur san áireamh in aon chomhfhreagras a bhaineann leis an ordú. I gcás táirge fabhtach bheimis buíoch díot ach cur síos a dhéanamh ar an bhfabht agus an táirge a sheoladh ar ais sa phacáiste ar tháinig sé ann.

Polasaí le ordú a chur ar ceal.

0
Cló Iar-Chonnacht