Ár dtéarmaí féin – ()

The history and development of terminology in the Irish language.

14.00

Stoc ar fáil

Rianaítear sa saothar seo stair agus forbairt na téarmaíochta sa Ghaeilge ón gcianaimsir anonn. Beidh an leabhar ina chuidiú ag mic léinn agus daoine eile i mbun staidéir ar an nGaeilge chun acmhainn agus saothrú na teanga le dul i ngleic le coincheapa nua a chur in iúl agus i gcomhthéacs.

Léirítear tuismíocht na Gaeilge i gcomhthéacs teangacha eile agus an gaol ag an nGaeilge leis na teangacha ba mhó teagmhála léi, agus an chaoi ar forbraíodh patrúin sa teanga ó thaobh ceapadh focal agus déileáil le hiasachtaí. Tugtar spléachadh ar thionchar an Bhéarla in Éirinn agus ar thorthaí an tionchair sin ar an nGaeilge.

Déantar plé ar an ngníomhaíocht aidhmeannach ba bhun le forbairt nuathéarmaíochta don ré chomhaimseartha agus cuirtear na prionsabail a forbraíodh i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Dírítear ansin ar an bpraitic – saothrú na téarmaíochta ó lá go lá – agus tugtar samplaí, modhanna agus ceachtanna chuige sin.

Meáchan 525 g
Toisí 15 × 21.6 × 2 cm
Foilsithe

2014

Leathanaigh

290

Léirmheas le Liam Mac Amhlaigh COMHAR Taighde, 24 Samhain, 2015
‘Scríobhann Ní Ghallchobhair le húdarás agus tá cúis mhaith leis sin: is í an saineolaí is mó sa disciplín in Éirinn le fiche bliain anuas í.’

Léirmheas iomlán anseo


Léirmheas le Helena NíGhearáin ar www.aistear.ie, Meitheamh, 2015
‘Níl amhras, dar liom, ach gur éirigh le Fidelma Ní Ghallchobhair sa leabhar seo téacs úsáideach tarraingteach a chur ar fáil don mhac léinn agus don té ar spéis leis forbairt na Gaeilge i gcoitinne.’

Is féidir an léirmheas iomlán a léamh anseo


Léirmheas le hArt Ó Maolabhail in Feasta, Aibreán, 2015 

‘Mo chomhairlese duit: Faigh an leabhar. Breathnaigh tríd go tapaidh. Ansin féach an féidir leat é a chur uait. Measaim go bhfaighidh tú deacair é sin a dhéanamh.’

Is féidir an léirmheas iomlán a léamh anseo


Léirmheas le Siobhán Fay, Clodagh Ní Cheallaigh agus Majella Ní Mheádhra in Léann Teanga: An Reiviú , 2015
‘Ar an iomlán, is saothar maith é seo a chuimsíonn ceisteanna tábhachtacha maidir le conas a chruthaítear téarmaíocht Ghaeilge. Moltar an leabhar seo do mhic léinn aistriúcháin idir fhochéime agus iarchéime agus daoine eile a bhfuil spéis ar leith acu san aistriúchán Gaeilge nó i dtéarmaíocht na Gaeilge’

Is féidir an léirmheas iomlán a léamh anseo