Cló Iar-Chonnacht DAC
Polasaí agus Plean Gníomhaíochta: Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsiú (EDI)
Tá Cló Iar-Chonnacht tiománta don chomhionannas, don éagsúlacht agus don ionchuimsiú agus aithníonn muid go bhfuil ról lárnach ag an bhfoilsitheoireacht i roghnú na scéalta a ínsítear agus i roghnú cé a ínsíonn iad.
Tá an cur chuige seo ag teacht le tosaíochtaí na Comhairle Ealaíon, agus le reachtaíocht chomhionannais na hÉireann. Tá sé mar aidhm againn na constaicí a bhaineann le rannpháirtíocht a aithint agus a mhaolú, tacú le guthanna imeallacha, agus timpeallacht a chruthú ina mbeidh ealaíontóirí, scríbhneoirí agus lucht féachana in ann rochtain chothrom ar fháil ar an saothar atá á léiriú againn.
- Comhionannas – deiseanna cothroma a chinntiú, agus a aithint go bhféadfadh tacaíochtaí éagsúla a bheith ag teastáil ó dhaoine éagsúla.
- Éagsúlacht – meas agus luach a léiriú ar dhifríochtaí i gcúlraí, ar fhéiniúlacht, ar thaithí agus ar chleachtais, lena n-áirítear na forais atá cosanta faoi reachtaíocht na hÉireann.
- Ionchuimsiú – cultúr a chruthú ina mothaíonn gach duine go bhfuil fáilte rompu, ina n-éistear leo, ina dtugtar tacaíocht dóibh, agus ina bhfuil siad in ann a bheith rannpháirteach go hiomlán.
Is iad cuspóirí EDI Chló Iar-Chonnacht:
- Rochtain ar dheiseanna laistigh den eagraíocht a fheabhsú do dhaoine ó ghrúpaí a bhraitheann go bhfuil siad imeallaithe nó a bhfuil riachtanais ar leith acu.
- Tacú le réimse leathan scríbhneoirí ó chúlraí difriúla a gcuid saothar a chur os comhair an phobail.
- Timpeallacht oibre shábháilte, mheasúil agus inrochtana a chothú.
- Dul chun cinn a mheas agus feabhsuithe a chur i bhfeidhm go leanúnach.
Plean Gníomhaíochta
Ceannaireacht agus Freagracht
- Beidh an fhoireann airdeallach ar an bpolasaí EDI agus an tábacht a bhaineann lena chur i bhfeidhm i ngach réimse den ghnó.
- Cuirfear polasaí EDI san áireamh i bpleanáil, i gcoimisiúnú agus in obair laethúil an chomhlachta.
- Beidh an bhainistíocht freagrach as a chinntiú go bhfuil muid ag comhlíonadh na ndualgais reachtúil mar atá leagtha síos i reachtaíocht chomhionannais agus fostaíochta na hÉireann.
- Déanfar an dul chun cinn a mheas go rialta, pléifear na dúshláin agus an chaoi is fearr gur féidir iad a shárú agus an cur chuige a fhorbairt.
Earcaíocht
- Úsáidfear teanga ionchuimsitheach agus inrochtana i bhfógraí poist agus freisin in aon shonraíocht ar chuirtear ar fáil do shaoroibrithe.
- Fógrófar deiseanna fostaíochta lasmuigh de na líonraí traidisiúnta chun teacht ar raon níos leithne iarrthóirí.
- Beidh aon phróiseas earcaíochta cothrom agus trédhearcach chun aon chlaonadh a sheachaint nó a mhaolú.
- Beidh socruithe oibre solúbtha ar tairiscint do na fostaithe nuair is féidir, agus déanfar freagrachtaí cúraim a aithint.
- Beidh rochtain ag an bhfoireann ar chúrsaí agus ar sheirbhísí meantóireachta de réir mar a bhíonn éileamh orthu nó mar a bhíonn riachtanach
Cultúr Oibre Ionchuimsitheach
- Déanfar cultúr measúil, oscailte agus cineálta a chothú, agus ní bheidh aon ghlacadh le hidirdhealú, ciapadh ná bulaíocht san ionad oibre.
- Cuirfear oiliúint feasachta EDI agus dínit san ionad oibre ar fáil don fhoireann.
- Déanfar comhrá a spreagadh faoi chuimsiú, folláine agus meabhairshláinte.
- Cuirfear socruithe réasúnta i bhfeidhm do bhaill foirne faoi mhíchumas de réir dhlí na hÉireann.
Cleachtais Eagarthóireachta agus Foilsitheoireachta
- Déanfar an éagsúlacht laistigh de phobail Ghaeilge a aithint (an Ghaeltacht, cainteoirí nua, foghlaimeoirí, comhthéacsanna uirbeacha).
- Beidh muid ag tacú le guthanna comhaimseartha, ionadaíocha Gaeilge.
- Cuirfear constaicí rochtana san áireamh agus aon choimisiúin á bhfógairt.
Margaíocht, Díolacháin agus Rannpháirtíocht Lucht Féachana
- Cuirfear inrochtaineacht an lucht féachana san áireamh i bhformáidí, in imeachtaí agus in ábhar digiteach.
- Déanfar gach iarracht a dhul i dteagmháil le raon leathan pobal agus léitheoirí.
Táimid tiomanta dár ndualgais faoi reachtaíocht chomhionannais agus fostaíochta na hÉireann a chomhlíonadh, lena n-áirítear Achtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998–2015, Achtanna um Stádas Comhionann 2000–2018, agus an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 (arna leasú).
Aithnímid gur próiseas leanúnach atá sa chomhionannas, san éagsúlacht agus san ionchuimsiú. Leanfaidh muid orainn ag lorg aiseolais, ag foghlaim ó thaithí an phobail agus na rannpháirtaithe, agus déanfar athbhreithniú ar an gcur chuige go rialta chun a chinntiú go léiríonn ár gcuid oibre luachanna Chló Iar-Chonnacht agus éagsúlacht an phobail a ndéanaimid freastal air.
