izmir escortantika alanlarantika alanlarAccident LawyerDental ImplantiqosAntika alan yerler
Ciseán 0

Scéal Chló Iar-Chonnacht

Bunaíodh Cló Iar-Chonnacht (CIC) i 1985, agus ó shin i leith tá os cionn 300 albam ceoil foilsithe againn, agus suas le 500 leabhar. Táimid ar cheann de na comhlachtaí foilsitheoireachta is bisiúla sa tír, agus ar an chomhlacht phríobháideach foilsitheoireachta Gaeilge is mó, le cúigear fostaithe go lánaimseartha sa Spidéal i gConamara.

Cheannaigh CIC an comhlacht foilsitheoireachta Cois Life i 2020 agus is linn na hinphriontaí An Clóchomhar agus Sáirséal • Ó Marcaigh freisin.

Is mar choimirceoir, mar phatrún agus mar chaomhnóir ar chultúr na Gaeilge agus na Gaeltachta a fheidhmíonn CIC. Tuigeann muid an mhórthábhacht a bhaineann le caomhnú an tsaibhris chultúir seo, agus is é an aidhm atá againn spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do cheoltóirí agus do scríbhneoirí agus ardán náisiúnta a thabhairt dá nguthanna.

Foilsíonn CIC réimse an-leathan litríochta; cnuasachtaí filíochta, gearrscéalta agus amhrán, úrscéalta, leabhair do dhéagóirí, leabhair do pháistí, tráchtais taighde agus leabhair staire. Tá roinnt leabhar Béarla foilsithe againn chomh maith, aistriúcháin a bhformhór ar mhórshaothair Ghaeilge. Tá roinnt mhaith de na saothair seo ar fáil ar dlúthdhiosca agus ar caiséad, cuid acu sa tsraith spreagúil An Béal Beo.

Ó thaobh ceoil de, ba é an príomhrún a bhí ag CIC nuair a bunaíodh é ná oirfidigh Chonamara (agus go háirithe na fonnadóirí sean-nóis) a thaifeadadh le go mbeadh teacht ar a saibhreas go forleathan agus go buan. Tá cúram ar leith fós á dhéanamh den chuspóir úd, ach tá ár réimse oibre leathnaithe amach go mór. I gcatalóg CIC inniu tá taifeadtaí sean-nóis ó gach cearn den tír, chomh maith le ceoltóirí aonair agus grúpaí traidisiúnta den scoth, ceol cajun, gaelcheol tíre agus ceol Chape Breton.

Is é an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile a bhunaigh an comhlacht i 1985 nuair a bhí sé ina mhac léinn ollscoile in aois 23 bliain. Is scríbhneoir bisiúil, éirimiúil é a bhfuil stór na nduaiseanna liteartha atá buaite aige i ngach réimse. Tar éis tríocha cúig bliain ar an stiúir, d’éirigh Micheál as a chuid cúraimí i 2021 agus dhíol sé an comhlacht.  Is í Deirdre Ní Thuathail an t-úinéir nua, chaith Deirdre blianta fada ina bainisteoir ar an gcomhlacht roimhe seo.

Is í Deirdre Ní Thuathail an Bainisteoir Stiúrtha, Bridget Bhreathnach an Bainisteoir Margaíochta, Colette McKeown an Bainisteoir Díolacháin, Emer Ní Neachtain an cúntóir díolacháin agus is é Lochlainn Ó Tuairisg an tEagarthóir Litríochta.

Stiúrthóirí na Cuideachta

Deirdre Ní Thuathail – Bainisteoir Stiúrtha agus Rúnaí an Bhoird

As Árainn ó dhúchas, tá Deirdre ag obair le Cló Iar-Chonnacht le blianta fada agus dá réir tá an-taithí aici i ngach réimse de ghnó na foilsitheoireachta.

Ferdia Breathnach – Stiúrthóir agus Cathaoirleach an Bhoird

As Tír an Fhia, Leitir Móir é Ferdia ó dhúchas. Tá céim dlí agus ard-dioplóma gnó aige ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh, BCL agus DBS.  Tá ard-dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán agus Ardchúrsa Oiliúna in Aistriúchán Cáipéisí Dlí agus Cáipéisí Stáit Eile bainte amach aige.  Tá céim abhcóide aige ó Ostaí na Rí, Baile Átha Cliath, BL.  Tá sé fostaithe mar abhcóide. Tá suim mór aige i spóirt go háirithe an CLG agus imríonn sé peil gaelach dá fhoireann áitiúil Naomh Anna Leitir Móir.

Prionsabail Trédhearcachta

Tá Cló Iar-Chonnacht tiomanta do chomhlíonadh an Chóid Rialachais agus na bPrionsabal um Dhea-Thiomsú Airgid de chuid na Comhairle Ealaíon.

0
Cló Iar-Chonnacht