Oilithreach pinn

Shiúil Liam Ó Muirthile an Camino Francés as a chéile ó St Jean Pied de Port go Santiago de Compostela i bhFómhar na bliana 2015. Seo a chuntas ar an aistear.

12.00

Stoc ar fáil

Product ID: 655 ISBN: 9781907494772 Catagóirí: , , , Clib:

Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2018. Shiúil Liam Ó Muirthile an Camino Francés as a chéile ó Saint-Jean-Pied-de-Port go Santiago de Compostela i bhfómhar na bliana 2015. Leis féin a bhí sé agus a phaca ar a dhroim, ag fanacht sna tithe aíochta oilithreachta ar a thuras 770 km. Breacann sé an tírdhreach dúinn agus tráchtann sé ar na daoine a casadh air. Oilithreacht pinn agus fionnachtain phearsanta í seo ina roinneann sé linn a chuid smaointe féin ar an dtír a bhfuil dlúthcheangal sinseartha ag Éirinn léi agus a ndúirt an mórfhile Spáinneach Juan Ramón Jiménez ina taobh: ‘Trí chéile, is tír í an Spáinn atá fréamhaithe go domhain sa réadúlacht, tír bhréag-reiligiúnda í, tír Chaitliceach seachas Chríostaí, eaglasta seachas spioradálta, tír phréamhacha agus chos seachas sciatháin … ar an gcúis sin is dánta misteacha iad na liricí Spáinneacha is fearr: tugann siad faoin spéir, faoin eitilt.’ Coimeádann an t-údar a dhá chos ar an dtalamh, ach ó am go ham eitlíonn sé ar an gcuma Spáinneach. Caitheann grianghraif Moira Sweeney loinnir ealaíonta ar chonair na n-oilithreach. [flipbook-popup id=”oilithreach”]

Léigh sliocht as an leabhar >>

[/flipbook-popup]

Meáchan620 g
Toisí21 × 15.2 × 2 cm
Foilsithe

2017