Mionchíoradh acadúil is ea an saothar seo ar bhuntuairimíocht agus ar fhealsúnacht an nuachtáin ba thábhachtaí i ré Athbheochan na Gaeilge idir theanga agus litríocht. Bunfhoinse liteartha, staire, chultúrtha agus taighde í seo i gcomhthéacs phreas na hAthbheochana. Foilsitheoireacht nuálach í seo le lánúsáid bainte as acmhainní teicniúla. Tá clár iomlán an nuachtáin, An Claidheamh Soluis, ar CD-ROM i dteannta an leabhair, an pacáiste iomlán ar €25. Tá téacs an leabhair féin ar an CD-ROM freisin, an t-iomlán inchuardaigh i gcomhair tagairtí, agus gan aon ghá dá réir leis na hinnéacsanna traidisiúnta. Áis bhunúsach taighde ag lucht léinn na staire agus na Gaeilge í seo. Tá beagnach 700 leathanach d’ábhar ar fáil in aon imleabhar amháin dea-dheartha, agus an leas is fearr bainte as acmhainní nádúrtha. Lúb nua ar phár! Léachtóir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath is ea an Dr. Regina Uí Chollatáin. Rinne sí an taighde seo in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, agus scoláireacht aici ón gComhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta.
An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae (1899-1932)
Stair an nuachtáin cháiliúil. Tá clár iomlán an nuachtáin, An Claidheamh Soluis, ar CD-ROM i dteannta an leabhair. The history of the famous newspaper. A full index of An Claidheamh Soluis is presented on the accompanying CD-ROM.
€25.00
Stoc ar fáil
Seans gur spéis leat...
-
-
Níl stoc ar fáil
-