An Ghaeilge san aois nua

Bunsaothar dátheangach smaointeoireachta a chíorann na deiseanna intleachtúla is gá a thapú chun ionad a chinntiú don Ghaeilge san Aois Nua.

12.00

Stoc ar fáil

Breacann an t-údar bunús forásach, ilchultúrtha d’athbheochan na Gaeilge. Bunsaothar smaointeoireachta é seo a leagann béim ar na deiseanna intleachtúla is gá a thapú chun ionad a chinntiú don Ghaeilge in athchruthú agus athdheimhniú na tíre. Saothar dátheangach Gaeilge/Béarla is ea é. Tráchtaire cultúrtha iomráiteach is ea an tOllamh Micheál Ó Cróinín agus iliomad saothar foilsithe aige ar ghnéithe den idirchultúrachas agus ar shainréimse an aistriúcháin.

Meáchan 250 g

LÁ, 4 Bealtaine 2005

Ba é n t-athrú stíle, nó an t-athrú réime ba chirte dom a rá agus an t-údar ina shaineolaí ar chúrsaí aistriúcháin agus teanga, is mó a thaitin liom faoin leabhar seo. Is breá liom an scríbhneoireacht chruthaitheach a léamh ar ndóigh, ach is breá liom athrú fosta agus fuair mé sin san aiste fhada seo scríofa i stíl acadúil, ach i stíl acadúil atá soléite agus gan (barraíocht) den bhéarlagair nó den téarmaíocht chasta ag baint léi.

Tráchtaire cultúrtha iomráiteach is ea an t-údar, an t-Ollamh Michael Cronin agus iliomad saothar foilsithe aige ar ghnéithe de idirchultúrachas an aistriúcháin. Tá sé ina stiúrthóir ar an Centre for Translation and Textual Studies in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Sa leabhar seo, breacann Cronin bunús forásach, ilchultúrtha d’athbheochan na Gaeilge. Bunsaothar smaointeoireachta é seo a leagann béim ar na deiseanna intleachtúla is gá a thapú chun ionad a chinntiú don Ghaeilge in athchruthú agus athdheimhniú na tíre. Agus faigheann an léitheoir dhá leabhar ar phraghas amháin, margadh maith i dteanga ar bith: is foilseacháin dátheangacha é ach, mar atá ráite sa leabhar féin: “Dhá alt ar leith atá sa saothar seo, Gaeilge agus Béarla. Tá an t-ábhar céanna á chíoradh iontu, ach ní mar a chéile iad maidir le léiriú an téama.!”

Ní dheachaigh sé chomh fada lena bhréagnú féin sa dá alt ach is fíor go bhfuil difríochtaí suntasacha eatarthu. Is cinnte go bhfuil an modh oibre seo roghnaithe ag Cronin d’aonturas mar thug sé léargas ar phointe amháin de na pointí suimiúla a rinne sé faoi aistriúchán: “Má aistrítear gach uile rud, níl faic fágtha ag an deireadh le haistriú mar tá gach uile rud aistrithe cheana féin.” Agus an tábhacht atá le seo? Tá, má tá seoda litríochta uilig na Gæilge, nó teanga ar bit eile, ar fáil i mBéarla, cad é an bhrú, nó an spreagadh atá air dhaoine gan an Ghaeilge a fhoghlaim ? Tá ciall leis an pointí eile a rinne sé faoin aistriúchán fosta, go háirithe nach rud neodrach é agus go mbíonn rian an chóilíneachais le brath air, agus go bhfuil gá le haistriúcháin nua-Ghaeilge ar litríocht na sean- agus na meán-Ghaeilge. Ní díospóireacht theibí atá ar bun ag Cronin: thug sé le fios gur féidir leis an chainteoir Gaeilge rudaí praiticiúla a dhéanamh a eascraíonn as an phlé a rinne an t-údar. Sa chás seo, mhol sé gur ceart don chainteoir Gæilge ” a ladar a cur isteach sa scéal agus…a rá cad ba chóir a fhágáil gan aistriú agus conas téacsanna a aistriú… “

Thug sé faoin tábhacht atá leis an smaointeoireacht fosta agus faoin tionchar a dtiocfadh léi a imirt sa sochaí domhandaithe. Ní leor leis mana mar ‘súil eile’ do stáisiún teilifíse, mar shampla, ma thagann gach uile choincheap agus smaoineamh atá taobh thiar de na cláir ó shaol an Bhéarla. Lena cheart a thabhairt dó, thug sé moladh do TnG fosta ach bhéimigh sé an easnamh de chlár faoi chúrsaí litríochta nó fealsúnachta ar an stáisiún sin, easnamh atá ag cur as do dhaoine eile nach é fosta. Tá trácht déanta aige fosta ar an Ghaeltacht agus ar fhórsaí eacnamúla agus cumhachta sa domhan, ach níor mhian liom achoimre a thabhairt daoibh ar achan argóint atá déanta ag an údar… Má aistrítear gach uile rud…

Ach déarfaidh mé an méid seo faoin leabhar, bhí leisce orm ar dtús tabhairt faoi é a leamh mar bhí eagla orm gur tráchtas eile a bheadh ann ag caoineadh drochstaid na teanga, ach a mhalairt ar fad atá ann. Ní dhearna Cronin neamhaird de na deacrachtaí atá ag an Ghaeilge ach bhí dearcadh iontach dearfach aige faoi na féidearthachtaí a thugann an aois nua don Ghaeilge agus do lucht a labhartha.

Thug a dhearcadh agus a chuid argóintí spreagadh, dóchas agus faoiseamh dom, agus déanfaidh siad amhlaidh daoibhse, tá mé cinnte.

Agus ní i ndrochstaid atá an teanga, ach in dhá dhroch stát


Róisín Ní Ghairbhí, Foinse, 26 Meitheamh 2005

Ní beag mar chuspóir an méid a cuireann an Dr. Máirín Nic Eoin roimpi a dhéanamh in san leabhar is déanaí uaithi, “Trén bhfearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge”. Is mian léi a deir sí “scrúdú a dhéanamh ar litríocht nua-aoiseach agus litríocht chomhaimseartha na Gaeilge le modhanna anailíse a thabharfaidh aitheantas don réaltacht shochtheangeolaíoch ina bhfuil scríbhneoirí na Gaeilge ag feidhmiú”.

Teist ar fheabhas na taighde atá déanta ag Nic Eoin, ar shlacht agus ar théagar a cur i láthair go n-éiríonn léi an cuspóir sin – agus tuilleadh – a bhaint amach ar bhealach eiseamláireach ar fad. Tá cúiseanna éagsúla, dar liom, go bhfuil an leabhar seo ar cheann de na saothair chritice is tábhachtaí a foilsíodh sa Ghaeilge le blianta beaga anuas. I dtosach báire, baineann Nic Eoin leas éifeachtach as dioscúrsa an Iarchóilíneachais mar fhráma tagartha dá cuid argóintí.

Tugann Nic Eoin aghaidh ar impleachtaí na réaltachta sochtheangeolaíochta ina gcumtar scríbhneoireacht chruthaitheach na Gaeilge i gcorp an leabhair. I measc na n-ábhar a phléitear tá “Fadhb an Bhéarla i gCritic Liteartha na Gaeilge” (Caibidil 1), dearcadh na scríbhneoirí faoin nGaeilge mar mheán liteartha (Caibidil 3), “Cruthaitheacht Liteartha agus an Contanam Dátheangach” (caibidil 8), agus tóraíocht foirme Gaeilge a léireoidh réaltacht an tsaoil (Caibidil 9). Is é mórbhua Nic Eoin sa cuid seo den leabhar an slógadh tuisceanach a ghairmeann sí de scríbhneoirí agus de chriticeoirí litríochta agus sochtheangeolaíochta chun príomhargóintí díospóireachta leanúnaí faoi acmhainní na Gaeilge mar mheán liteartha a chuir faoinar mbráid. Is é mór bhua an leabhair an scagadh géarchúiseach atá déanta ar mhianach na teanga agus an léamh ar cheist na teanga i saothair scríbhneoirí iomadúla. Fágann seo gur leabhar tagartha den scoth é Trén Fearann Breac don té ar spéis leis an litríocht nó an tsochtheangeolaíocht.

Áis luachmhar ann féin an leabharliosta cuimsitheach agus cuireadh don phóirseálaí chun leathanaigeantachta. Más leabhar é Trén Fearann Breac a thugann orainn smaoineamh faoi impleachtaí réaltacht shochtheangeolaíoch na Gaeilge, is leabhar é chomh maith a mheabhraíonn dúinn nach fás go hathrú. Níor mhiste é a bheith i seilbh státsheirbhíseach agus filí, lucht pleanála siollabais agus lucht pleanála teanga, ag oideachasóirí sa naíonra agus san ollscoil. Doras is ea teanga a dúirt an Ríordánach, agus shíl sé gur i nDún Chaoin a bhí sé. Fáilte romhat go dtí an Fearann Breac, áit nach bhfuil teora leis na doirse.