Cruthú na Gaeltachta 1893-1922

Forbairt na luath-thuiscintí ag glúin na hAthbheochanna ar an nGaeltacht.

16.00

Stoc ar fáil

Mionchíoradh acadúil ar fhorbairt na luath-thuiscintí ag glúin na hAthbheochana ar an nGaeltacht. Baintear leas as réimse leathan foinsí chun forás agus buanú chonstráid na Gaeltachta a chíoradh. Rianaítear saothar cruthaitheach agus saothar dioscúrsach bhlianta luatha na hAthbheochana d’fhonn teacht ar na tionchair agus na himpleachtaí ba bhunchloch le hidéalú na gceantar Gaeltachta ag tús na haoise seo caite. Saothar ceannródaíoch tráthúil agus todhchaí na Gaeltachta á plé. Aistritheoir le Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtais, is ea an Dr. Caitríona Ó Torna. Thug sí faoin taighde seo in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus scoláireacht aici ón gComhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta.

Meáchan 250 g

18 Eanair 2006

Leabhar acadúil é seo, amach is amach, agus saothar an-chuimsitheach ar fad atá ann. Is aistritheoir í an t-údar, Caitríona Ó Tórna, i dTithe an Oireachtais i mBaile Átha Cliath. Cuireadh tús leis an saothar seo mar dhochtúireacht in Ollscoil na Gaillimhe. Go bunúsach is staidéar é ar bhunús na tuisceana atá againn ar an Ghaeltacht agus cá has a dtáinig an tuiscint chéanna. Cuirtear síos ar an dóigh a ndearnadh ‘constráid na Gaeltachta’ agus ar an dóigh ar tugadh Gaeltacht ar ‘Irish-speaking districts’ ó thús na hAthbheochanna. Caithfidh mé féin admháil nár thuig mé an tréimhse staire seo mar is ceart go dtí seo agus is cinnte nár thuig mé “…nach mbaintí úsáid choitianta as an fhocal ‘Gaeltacht’ mar ainm ar cheantar anuas go dtí blianta na hAthbheochana féin”.. Mar sin de, ba thábhachtaí liomsa an leabhair seo cionn is gur chuidigh sé liom mo bhuntuiscintí féin a fheabhsú is a shoiléiriú. Ní léamh furasta é seo ach is leabhar suimiúil é agus tá sé lán eolais. Nuair a deirim nach léamh furasta é, ní hionann sin is a rá nach scríbhneoir iontach cumasach í, go cinnte, agus bhain an leabhar seo Duais an Oireachtais 2005. ‘Séard atá mé ag rá go bhfuil sé riachtanach staidéar a dhéanamh ar shaothar den chineál seo agus gurbh fhiú sin a dhéanamh sa chás seo.