Máirtín Ó Cadhain DVD- Rí an fhocail & Ó Cadhain sa gCnocán glas

8.13

Stoc ar fáil

Dhá chlár atá ar an DVD seo faoi dhuine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge- agus, go deimhin, na hÉireann- sa bhfichiú haois, Máirtín Ó Cadhain. Clár faisnéise é Rí an Fhocail, a craoladh de chéaduair i 2007, ina bpléitear saol agus saothar an Chadhnaigh, iad fite fuaite trina chéile. Tugann leithidí Ghearóid Denvir, Joe Steve ó Neachtain agus Louis de Paor a mbreithiúnas féin ar laoch litríochta seo ár linne. Clár ón gcartlann é Máirtín Ó Cadhain sa gCnocán Glas, a craoladh i 1967. Sa gclár seo tugann an Cadhnach athchuairt ar a cheantar duchais, an Cnocán Glas sa Spidéal, áit a léiríonn sé gur bhunaigh sé go leor dá bhfuil ina shaothar ar an tír agus an teanga mórthimpeall air, dhá ní atá le feiceáil agus le cloisteáil sa gclár síos tríd.

Meáchan 250 g

Seans gur spéis leat...