Margadh!

TG4 @ 25

15.00

Stoc ar fáil

 

Oíche Shamhna 1996 a tháinig TG4 – nó TnaG mar a bhí uirthi ag an am – ar an aer agus tá sí ag treabhadh léi ó shin, trí fharraigí fiáine folcánta, mar a deireadh na seanscéalta. Is mithid, mar sin, agus ceathrú céid slánaithe aici go ndéanfaí ceiliúradh ar a bhfuil bainte amach ag an stáisiún le cúig bliana fichead anuas. Léiriú ar an méid is féidir a bhaint amach, ainneoin í a bheith ar fhíorbheagán acmhainní, le díograis, le dúthracht, le fuinneamh agus le paisean.  Díol inspioráide agus TG4 ag tabhairt aghaidh ar an gcéad cheathrú céid eile.

Meáchan 1000 g