Spléachadh ar shaothair foclóireachta na Gaeilge ó Shanasán Uí Chléirigh (1643) go foclóir Néill Uí Dhónaill (1978) atá sa leabhar seo. Tugtar achoimre ar shaol na scoláirí Éireannacha agus idirnáisiúnta a shaothraigh an réimse léinn seo, fearann idirtheangach Gaeilge, Béarla agus Laidin. Léargas ar na foclóirí féin, an cur chuige, an stíl oibre agus an t-ábhar atá iontu atá le fáil sa leabhar. Tugtar léargas ar na foclóírí féin, ar an gcur chuige, ar an stíl oibre agus ar an ábhar atá iontu. Tá grianghraif de na foclóirí go léir a luaitear sa leabhar curtha leis an téacs chun blaiseadh níos fearr a thabhairt ar an ábhar.
Foclóirí agus foclóirithe na Gaeilge
Anailís stairiúil ar fhorbairt na foclóireachta Gaeilge.
€15.00
Stoc ar fáil
Meáchan | 250 g |
---|---|
Foilsithe | 2008 |
Leathanaigh | 147 |
Ian Malcolm, LÁ NUA, 13 Lúnasa 2008
Seo ceist shimplí: cad é mar a thosófá foclóir a scríobh? Ceist shimplí, ach níl sé chomh furasta teacht ar fhreagra, an bhfuil? Cé air a mbeadh an foclóir dírithe? Cá mhéad ceannfhocal a bheadh ann? Cad é a dhéanfaí más rud é nach bhfuil téarma cruinn Gaeilge ag freagairt don Bhéarla? Níl thuas ach cuid bheag de na ceisteanna atá le sárú ag foclóirithe na Gaeilge (nó teanga ar bith) nuair a thugann siad faoin tionscadal, agus gidh go bhfuil obair an fhoclóirí fós casta, smaoinigh ar a dheacra agus a bhí sé i dtús ama. Anois, tá ríomhairí agus achan sórt de threalamh nua-aimseartha acu siúd a chuireann an stór focal le chéile, ach san am atá thart ní raibh a leithéid ar fáil. Thairis sin, inniu bíonn coistí móra tábhachtacha – le príomheagarthóirí, eagarthóirí cúnta agus cúntóirí cúnta – i gceist, sa dóigh is nach obair aonarach í a thuilleadh. Ní mar sin a bhí sé i 1643 nuair a d’fhoilsigh Micheál Ó Cléirigh a shaothar Foclóir no Sanasan Nua, an chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge-Gaeilge a tiomsaíodh, dar le Liam Mac Amhlaigh ina leabhar cuimsitheach Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge. Níor mheas mé riamh go mbeadh ábhar leabhair, a bhfuil an focal ‘leadránach’ scríofa air – cheapfá ar dtús – chomh suimiúil agus atá an cuntas breá sultmhar seo. Fiosraíonn Mac Amhlaigh stair an fhoclóra sa Ghaeilge, rud atá inmholta go leor ann féin, ach ina theannta faigheann muid blaiseadh den tréimhse inar scríobhadh na taiscí – mar aon le spléachadh suimiúil ar na foclóirithe. Ar bhealach, ceird faoi cheilt is ea ceird an fhoclóirí: ní smaoiníonn muid riamh ar an dianobair agus ní thugann muid moladh don té a chum. Go bunúsach, muna bhfuil an foclóir ‘fit for purpose’, mar a déarfaí, téann sé as úsáid go han-sciobtha. Ba mhinic a bhí cuspóirí faoi leith ag an fhoclóirí, aidhmeanna nár bhain i gcónaí le cur chun cinn na teanga. Tá muid ag caint ar Éirinn, ar ndóigh, agus ba ghearr gur tháinig cúiseanna reiligiúnda chun tosaigh! Sórt ‘cogadh na bhfocal’ a bhí ann in amanna – shíl roinnt foclóirithe Protastúnacha, mar shampla, go bhféadfaí foclóirí Gaeilge a úsáid chun an dea-scéal a fhógairt. Agus mhothaigh roinnt foclóirithe Caitliceacha go mbeadh na foclóirí s’acusan mar bhalla cosanta in éadan namhaid an Bhéarla agus uile rud a bhain leis an teanga iasachta.
Tagann gné eile chun solais i saothar Mhic Amhlaigh, mar atá scaipeadh na mbotún ó ghlúin go glúin nuair a ‘ghoid’ foclóirithe ábhar ó fhoclóirí eile a chuaigh roimhe. Agus é ag trácht ar Focalóir Gaoidhilge Sax-Bhéarla de chuid Sheáin Uí Bhriain sa bhliain 1768, deir Mac Amhlaigh: ‘Ba é Ó Briain ba mhó a bhain leas as foclóir Lhuyd, idir cheannfhocail, mhínithe, is bhotúin.’ Téimis siar go 1707 agus Foclóir Gaoidheilge-Shagsonach de chuid Edward Lhuyd. D’adhmaigh Lhuyd nach raibh a shaothar saor ó locht agus, dar le Mac Amhlaigh, ‘gur ó dhroch-chóip d’fhoclóir an Phluincéadaigh [foclóirí niba luaithe] a chóipeáil sé cuid de na hiontrálacha, b’fhéidir’.
Tagann agus imíonn foclóirithe, mar aon lena saothair: níl trácht anois ar An English-Irish Dictionary and Phrase Book (1903) a scríobh Edmund E. Fournier d’Albe. Chum sé foclóir cruinn agus eolaíochtúil ach ba thrua, a deir Mac Amhlaigh, gur foilsíodh é ag an uair chéanna agus a bhí ‘foclóirí éachtacha an Duinnínigh agus O’Neill Lane ag teacht ar an bhfód’.
Agus sin an rud fá fhoclóir ar bith – cineál pictiúir d’am áirithe atá ann. Bhí ar chuid mhaith de na foclóirithe a lán focal a chruthú mar fhreagairt ar théarmaí nua-aoiseacha sa Bhéarla. Tá dúshlán mar sin ann i gcónaí. Sa lá atá inniu ann tá muid go fóill ag brath ar chúpla leabhar atá as dáta go maith. Agus nach bhfuil siad as dáta i bhfírinne? Foilsíodh English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe) i 1959 agus Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónall) i 1978. Deir Mac Amhlaigh gur mhair obair an FGB (Ó Dónall) 19 bliain ar fad. Smaoinigh air sin – 19 bliain ón chéadsmaoineamh go dtí leabhar críochnaithe! Ní bheidh a leithéid arís ann, ar ndóigh, toisc go bhfuil ceird an fhoclóra athraithe anois. Féadann an foclóirí comhaimseartha meancóg ar bith a cheartú i bhfaiteadh na súl ach cnaipe nó dhó a bhrú ar an mhéarchlár.
Cosúil lena lán, tá mise féin go mór faoi chomaoin ag a leithéidí www.focal.ie agus www.csis.ul.ie/focloir/ (An Foclóir Beag); ina theannta sin tá dlúthdhiosca den FGB (Ó Dónaill) agam mar áis bheo ar mo ríomhaire. Is ea, tá cóip chrua den FGB taobh liom i gcónaí, mar aon le roinnt foclóirí eile, ach más ag obair ar an ríomhaire atá mé tá sé iontach furasta ‘tab’ eile a oscailt ina bhfuil an litriú ceart d’achan focal ar fáil. Deir Mac Amhlaigh, agus an ceart ar fad aige, go bhfuil scéal na foclóireachta Nua-Ghaeilge mar “scáthán teangeolaíochta ar athruithe na dtréimhsí éagsúla i stair na tíre ó thús an seachtú haois déag’.
Dónall Ó Braonáin, Foinse, 9 Aibreán, 2008
Gan dabht, tá ré na mórfhoclóirithe thart – Lhuyd, Ó Raghallaigh, Ó Neachtain, Lane, Mac Cionnaith agus a lán eile a chuir focail an phobail i bhfoirm leabhair. Ach ní beag an t-ómós atá tuillte acu agus tá gar mór déanta ag Liam Mac Amhlaigh dúinn ina thráchtaireacht, atá idir stairiúil is suimiúil, a thugann ceird an fhoclóirí tríd na céadta chun beochta.
Meallta ag focail atá muid. Chaithfeadh muid an lá ag babhtáil leaganacha lena chéile nó ag scríobh filíochta no ag cumadh úrscéalta, dá mbeadh fonn ort géilleadh do mhiotas náisiúnta eile, is é sin, go bhfuil an Gael bocht tachtaithe ag galar seo na bhfocal, agus a éileacht sin ar litríocht na tíre adeir tú. Más fíor bréagach a leithéid d’áiteamh níl aon dabht ach go léiríonn an leabhar seo ó pheann Liam Mhic Amhlaigh gur chuir na Gaeil dúspéis i gcúrsaí foclóireachta, sa tréimhse iar-chlasaiceach den teanga go háirithe. Sraith aistí gonta atá sa saothar seo orthu siúd is mó a shaothraigh gort na foclóireachta Gaeilge ón 17ú haois agus ar na saothair a tháinig óna lámha siúd. Áitíonn an t-údar gur ‘scáthán teangeolaíochta ar athruithe na dtréimhsí éagsúla i stair na tire’ é scéal na foclóireachta Gaeilge agus go bhfuil ‘forléargas ar na forbairtí’ is tábhachtaí sa leabhar seo. Sé cinn déag de shaothair fhoclóireachta a scrúdaítear ar fad agus tá scoláireacht dhíograiseach ag roinnt leis an gcur i láthair, cé go gcuirtear an fhainic seo orainn sa réamhrá gur ‘achoimre é an leabhar ar staid reatha an eolais seachas taighde bunaidh’ nua as an bpíosa. Foclóir nó Sanasan Nua Mhichíl Uí Chléirigh an chéad saothar a roghnaítear le scagadh a dhéanamh air agus tugtar chun grinnis gurbh é an chéad (agus an t-aon) mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge-Gaeilge a cuireadh i dtoll a chéile. Tá an tráchtaireacht ar an leabhar meáite agus lonnaítear obair Uí Chléirigh (príomheagarthóir Annála na gCeithre Mháistrí) i gcomhthéacs shaothar liteartha na bProinsiasach sa 170 haois.
Aithnítear gur ‘gluaiseacht teanga’ a bhí i meitheal institiúideach na bProinsiasach a tháinig i dtír ar an léann dúchais agus a rinne a chuid féin den athbheochan liteartha is cultúrtha san Eoraip. ‘Caomhnú an chreidimh agus soilsiú an tseanchais’ an bhunsprioc a bhain leis an bhfiontar liteartha seo, dar leis an údar. Sprioc a bhí ag Proinsiasach eile, Risteard Pluincéad, nuair a thug seisean faoin Vocabularium Latinum et Hibernum a cuireadh amach sa mbliain 1662.
Chleacht an Pluincéadach modh oibre ó thaobh na téarmaíochta a bhí spéisiúil ach is beag earraíocht, os ard ar aon chuma, a bhain foclóirithe eile a tháinig ina dhiaidh as an gcorpas céanna. Tuigtear tábhacht Lhuyd i stair na foclóireachta, sa gciall is go raibh sé ar na daoine ba thúisce a tharraing an chaint bheo chucu féin mar áis staidéir, no a thuig tábhacht chaint na ndaoine, go fiú is murar éirigh leo an chaint sin a thabhairt leo in amantaí.
Is iad Conchubhar Ó Beaglaoich agus Aodh Buidhe Mac Cruitín a bhí luaite le The English Irish Dictionary a foilsíodh i bPáras na Fraince sa mbliain 1732 agus deir an t-údar linn gur léir tionchar an chreidimh ar an mbailiúchán focal seo: ‘Bhí spéis ar leith ag Ó Beaglaoich, sagart, i gcúrsaí reiligiúin, eiriceachtaí agus oird sagart…’ agus an spéis sin léirithe go paiteanta san ábhar a tiomsaíodh sa bhfoclóir áirithe seo.
D’imir an frithreifirméisean tionchar aisteach ar litríocht na Gaeilge agus níor tháinig tionscadal na foclóireachta slán ón aighneasóireacht chultúrtha is spioradálta. Ba dheas dá mbeadh aiste cheangail sa leabhar seo a scrúdódh an dáimh a bhí ag scoláirí diagachta leis an bhfoclóireacht Ghaeilge, idir Phroinsiasaigh agus mhiseanóirí Protastúnacha fearacht Thomas de Vere Coneys. Tugtar a gceart do scoláirí Ollscoil Bhaile Átha Cliath (TCD) sa 190 haois sa saothar: ‘Is teist í ar a ghníomhaí is a bhí Gaeilgeoirí Choláiste na Tríonóide an aimsir sin, gur cuireadh dhá fhoclóir i gcló ag na hollúna Gaeilge sa ollscoil in achar gearr aimsire.’ Tháinig foclóir Foley (1855) ar shála fhoclóir Coneys (1849). Agus luaitear foclóir a ligtear i ndearmad go minic, An English Irish Dictionary and Phrase Book le hEdward E. Foumier d’Albe (1903) nach bhfuair a cheart, de réir an scríbhneora, de bhrí gur foilsíodh foclóir O’Neill Lane an bhliain ina dhiaidh.
Déantar talamh an 20ú haois a threabhadh sa gcuid deiridh den leabhar agus pléitear foclóirí Mhic Cionnaith, De Bhaldraithe agus Uí Dhónaill. Ta taighde bunúil le sonrú sna haistí seo agus tugtar tagairtí do chomhaid an Ghúim agus na Roinne Oideachais. Bronnann cáipéisiocht an mhaorlathais seoideanna orainn in amantaí agus dearbhaíonn an obair seo cuid den seanchas a bhaineann le mórphearsaí na foclóireachta sa 20ú haois. Ábhar eile a gcuirfinn féin spéis ann i ndiaidh dom an leabhar seo a léamh ná scagadh ar an tuiscint theangeolaíoch a bhí taobh thiar d’fhoilsiú na saothar seo go léireach. An rabhthas ag cuimhneamh ar an bpobal teanga ar cainteoirí aonteangacha Gaeilge iad? Drochsheans, ach cé dó na foclóirí seo ar deireadh thiar? An rabhthas ag díriú ar fhoghlaimeoirí na teanga nó cainteoirí dara teanga d’fhionn spriocanna oideachasúla a bhain le craobhscaoileadh an chreidimh? Chuirfeadh plé den chineál sin go mór le comhthéacs an ábhair. Ceist eile a ritheann liom ná an earraíocht a baineadh as caint na Gaeltachta sa tionscadal foclóireachta Nua-Ghaeilge. Is iomaí sin cnuasach focal ó cheann ceann na Gaeltachta a cuireadh amach le céad bliain. Cuirfeadh rianadh éicíneacht ar an traidisiún foclóireachta sin (deascáin fhoclóireachta an Acadaimh, cuir i gcás) go mór leis an anailís a dhéantar ar réimse an 20ú haois sa leabhar. Bhí díomá orm nár insíodh scéal DIL no Dictionary of the Irish Language, mórfhoclóir stairiúil na Gaeilge a réitíodh ina chodanna faoi choimirce Acadamh Ríoga na hÉireann. Is iomaí sin scoláire a d’oibrigh ar an tionscnamh áirithe sin agus is díol spéise dealú inscne na n-oibrithe a bhí páirteach ann. Thabharfainn buille faoi thuairim go raibh dlúthbhaint ag cúinsí maoinithe leis an líon suntasach ban a chaith anró le DIL – is é sin, obair mhór ar phá íseal gan aon bhuanseasmhacht fostaíochta. Ní tharlódh sé inniu, ar ndóigh.
Is deacair a thomhas go díreach cén lucht léitheoireachta a bheidh ag an leabhar seo. Áis don mhac léinn tríú leibhéal é, seans. Tá fearas tagartha ann a shásóidh léitheoirí ginearálta ar an gcéad iarraidh. Beidh ar léitheoirí eile a bhfuil goile amplach acu i leith an ábhair beagán eile ransaithe a dhéanamh. Tá slacht ar chumraíocht an leabhair agus cuidíonn na grianghraif de na foilseacháin go mór he seoladh a chur faoi na saothair ar fad a luaitear ann. Is furasta don tsúil leagan amach an leabhair a leanacht ó thús go deireadh agus tá bua na simplíochta leis an dealú a dhéantar ar an ábhar ó chaibidil go caibidil.
Stil shoiléir agus cuntas tuarascálach a chleachtann an t-údar tríd is tríd agus, más tada é, tá Liam Mac Ainhlaigh beagáinín beag gortach ag roinnt a chuid géarchúise féin orainn. Cuirtear tuairimí scoláirí eile inár láthair go tráthúil agus go cuí ach is go ró-annamh a ligeann an scríbhneoir scóid leis féin. Ainneoin teannadh seo na scríbhneoireachta éalaíonn corrthuairim spéisiúil óna pheann agus gealaíonn na háitimh seo an prós. Meabhraítear dúinn sa saothar seo an stádas a bhronnann foclóir ar leaganacha na ndaoine, bídís ina gcruachainteanna nó spallaí sráide agus gur faoin bpobal teanga atá sé an chaint a chaitheamh nó ní bheidh roimhe ach an bás.