Drámaí Bunscoile

€20.00

Stoc ar fáil

Drámaí Bunscoile

Deich gCinn de dhrámaí nuascríofa atá feiliúnach do pháistí sna bunranganna – ó na naíonáin go rang a dó.

le Fil Uí Dhubhghaill Jane Shimizu

Ceoldrámaí iad naoi gcinn acu agus tá dhá dhráma Nollag ann chomh maith.

Tá an Ghaeilge sna drámaí simplí le go leor athrá san áireamh iontu, rud a dhéanann feiliúnach iad do ghasúir nach bhfuil mórán líofachta acu sa teanga.

Is féidir iad a chur in oiriúint do dhaltaí Gaeltachta / Gaelscoile chun iad a dhéanamh níos dúshlánaí.

Maidir leis an hamhráin, is amhráin nuachumtha iad ach tá siad curtha le foinn aitheanta.

 

Drámaí bunscoile ar Soundcloud Chló Iar-Chonnacht

Tá na h-amhráin ar fad a théann leis na drámaí sa leabhar seo ar fáil ar chuntas Soundcloud Chló Iar-Chonnacht.  Féach an nasc anseo thíos.

Éist leis na h-amhráin ar an seinnliosta thíos ar Soundcloud: 

Na h-údair

Is í Jane Shimizu údar 8 gcinn de na drámaí atá sa leabhar Drámaí Bunscoile. Is múinteoir bunscoile í le taithí na mblianta i Scoil Chaitríona sa Rinn Mhór i gCathair na Gaillimhe.

Tá trí dhráma don Nollaig san áireamh sa leabhar Drámaí Bunscoile. Is í Fil Uí Dhubhghaill údar na nDrámaí Nollag. Tá 3 leabhar drámaíochta (Déan Dráma 1,2,3) foilsithe cheana féin ag Fil in éineacht le beirt mac léi, Mícheál agus Pádraig.

Na Ceoltóirí

Amhránaí: Mícheál Ó Dubhghaill
Tionlacan: Aiden Boland
Taifeadadh: Tony Buckley

Tá an ceol agus na hamhráin taifeadadh ag Mícheál Ó Dubhghaill le tionlacan ó Aiden Boland agus cóirithe ag Tony Buckley.

Traicliosta:

1. Duilleoga Deasa (Cairde Learaí)
2. Na Séasúir (Cairde Learaí)
3. Tá Learaí Sona Sásta (Cairde Learaí)
4. Laoire an Fear Bréige (An Fear Bréige Sona)
5. An Fear Bréige (An Fear Bréige Sona)
6. Síolta Blasta (An Fear Bréige Sona)
7. Feithídí Blasta (An Fear Bréige Sona)
8. Ag Damhsa sa Ghaoth (An Fear Bréige Sona)
9. Plip Plop 1 (An Fear Bréige Sona)
10. Gealach an Fhómhair (An Fear Bréige Sona)
11. Laoire Bocht (An Fear Bréige Sona)
12. Na Prionsaí (An Frogphrionsa)
13. An Frog agus an Bhanphrionsa (An Frogphrionsa)
14. An Frog ag Ithe (An Frogphrionsa)
15. An Frog sa Leaba (An Frogphrionsa)
16. Ó Phrionsa go Frog (An Frogphrionsa)
17. Caora Amháin (Aindí Leisciúil)
18. Aindí ina Chodladh (Aindí Leisciúil)
19. Tháinig na hAingil (Aindí Leisciúil)
20. Ag dul go Bethlehem (Aindí Leisciúil)
21. Trí Rí ag Taisteal (Aindí Leisciúil)
22. Dúisígí, Dúisígí (Aindí Leisciúil)
23. Bualadh Bos (Panic i dTeach Dhaidí na Nollag)
24. Ag obair linn (Panic i dTeach Dhaidí na Nollag)
25. Tá Daidí na Nollag ag Teacht (Panic i dTeach Dhaidí na Nollag)
26. Rudolf an Fia Rua (Panic i dTeach Dhaidí na Nollag)
27. Ag Taisteal (An Bhanríon Chliste)
28. An Stoirm (An Bhanríon Chliste)
29. Cnag, cnag, cnag (An Bhanríon Chliste)
30. An mhaidin dar gcionn (An Bhanríon Chliste)
31. An Deireadh (An Bhanríon Chliste)
32. An Teach Róbheag (An teach a bhí róbheag)
33. Ó, tá muid i dtrioblóid (An teach a bhí róbheag)
34. Tá an teach seo álainn (An teach a bhí róbheag)
35. Na Feirmeoirí (An teach a bhí róbheag)
36. Féach ar an teach seo – feirmeoirí (An teach a bhí róbheag)
37. Féach ar an teach seo – fir dóiteáin (An teach a bhí róbheag)
38. Tá an teach seo compórdach (An teach a bhí róbheag)
39. Fáilte chuig an Sorcas (Tír gan Sorcas, Tír gan Anam)
40. M’iníon Bhocht (Tír gan Sorcas, Tír gan Anam)
41. Sorcas Imithe (Tír gan Sorcas, Tír gan Anam)
42. Cleas na bPáistí (Tír gan Sorcas, Tír gan Anam)
43. Sorcas Iontach (Tír gan Sorcas, Tír gan Anam)
44. Ceiliúradh Taitneamhach (An Ollphéist)
45. Saighdiúirí Cróga (An Ollphéist)
46. Páiste Láidir (An Ollphéist)
47. Amhrán na hOllphéiste (An Ollphéist)
48. Ag Spraoi le chéile (An Ollphéist)
49. Ollphéist Dheas (An Ollphéist)
50. An Phicnic (An Ollphéist)
51. Fadó, Fadó (An Patrún Saileach)
52. Na Fir Shaibhre (An Patrún Saileach)
53. Li Chi agus Chang i nGrá (An Patrún Saileach)
54. Li Chi agus Chang Uaigneach (An Patrún Saileach)
55. Le chéile go deo (An Patrún Saileach)

Meáchan 365 g
Toisí 29.3 × 21.5 cm