Bláth Fiáin

8.00

Stoc ar fáil

Product ID: 54548 ISBN: 9781784442569 Catagóirí: , , , Clib:

Dlúthchairde ón Spidéal iad Mikey, Hannah agus Rónán. Is deacair do Mhikey a mhothúcháin do Hannah a chur in iúl agus ise ag tabhairt aghaidh ar a cuid trioblóidí féin. Bíonn Rónán sáinnithe idir eatarthu, agus é mar chrann taca ag an mbeirt acu. Oíche thorthaí an Teastais Shóisearaigh, tagann cor cinniúnach ar an saol dóibh go léir …

Rachaidh scéal agus stíl nuálach an leabhair seo i gcion go mór ar léitheoirí. Béimnítear an ceol síos tríd agus téann an leabhar i ngleic le cairdeas, féiniúlacht agus teacht aniar an duine.

Scríobhadh an leabhar seo le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta

Bhuaigh leagan den leabhar seo an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2008

“Leabhar iontach réalaíoch a phléann fadhbanna sóisialta ar bhealach ionraic, gan a bheith teagascach” – moltóirí an Oireachtais.

 

Éist siar le léirmheas le Sarah Breathnach ar an gclár An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock ar RTÉ Raidió na Gaeltachta – anseo

Éist le seinnliosta de na traiceanna atá luaite sa leabhar agus é curtha i dtoll a chéile ag Gráinne Ní Mhuilneoir ar Spotify anseo

 

Meáchan140 g
Toisí19.8 × 12.7 cm