Enda McKenna, Inis, Iúil 2015
Déan do chuid machnaimh! Tá ceist eile ag Fionnuala Cloke ort! Leabhar Thráth na gCeist atá sa leabhar seo. Tá 100 babhta de 10 gceist sa leabhar, agus an míle ceist sin bunaithe ar réimse leathan ábhar: stair agus tíreolas na hÉireann, litríocht an aosa óig, spórt, ceol coitianta, eolas ginearálta agus gach rud a bhaineann leis an gcultúr nua-aimseartha. Tá meascán ábhar i ngach babhta mar aon le ceist bunaithe ar íomhá. Is áis iontach é an leabhar seo don mhúinteoir, nó don té atá i gceannas ar chlub óige, nó ar choláiste samhraidh. Is iontach go deo é mar acmhainn mhúinteoireachta toisc an stór focal agus an t-eolas atá le foghlaim uaidh. Leantar ar phatrún sna ceisteanna agus níorbh fhada go bhfoglaimeodh na daltaí na heochairfhocail dá mba rud é go mbeadh duais le buachan acu gach seachtain! Cuirim i gcás focail mar ghiorrúchán, déantúsóir, in easnamh, iomaíocht, fuarfhuilteach, plátaí clárúcháin, eagraíocht agus ilchríoch. Go hámharach (don dalta, nó don mhúinteoir!) tá gluais ag bun gach leathanaigh ina mínítear na focail dheacra. Tá sé ráite ag Fionnuala Cloke ina réamhrá go bhfuil an leabhar seo in oiriúint dóibh siúd atá fós ar an mbunscoil nó atá i mblianta luatha na hiarbhunscoile. Dar liomsa is féidir an leabhar a úsáid le daltaí atá imithe chomh fada leis an Idirbhliain.
Tá caighdeán na Gaeilge dúshlánach go leor in áiteanna. Samhlaím féin an leathuair a chloig deireanach ar an Aoine don mhúinteoir bunscoile, nó uair sa mhí le rang meánscoile (ar an Aoine!) mar spraoi nó mar luach saothair do na daltaí a bhí ag obair gan stad gan staonadh fad na seachtaine! Ní bheidh a fhios ag na daltaí go bhfuil siad fós ag foghlaim! Is é seo an dara leabhar thráth na gceist ó pheann Fhionnuala. 10–12.