Aisling nó Iníon A
Tarraingíonn tubaiste ceist faoi gach rud inar chreid Aisling agus a muintir.
€10.00
Stoc ar fáil
Meáchan | 100 g |
---|---|
Foilsithe | 2015 |
Clúdach | bog |
Leathanaigh | 200 |
Réaltán Ní Leannáin ina blag darb ainm ‘Turas aislingeach‘
‘Is cuntas é go príomha ar theacht in aois chailín óig. Tá an caidreamh agus an teannas idir an déagóir is an mháthair ina phríomhthéama a ritheann síos tríd an scéal iomlán. Caitheann Aisling go leor dá cuid fuinnimh ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach óna máthair, Eibhlín, agus tarlaíonn go leor síos tríd an bhliain scoile a ndeachaigh go leor tuismitheoirí agus daoine óga tríd. Tá páirt an chailín deartha go cruinn ag an údar.’
Léigh an léirmheas ar fad anseo
Léirmheas ag scoláirí ó Scoil Chaitríona, An Timire Earrach 2016, lch. 34
‘Léigh mé an leabhar Aisling nó Iníon A le hÉilís Ní Dhuibhne. Ar an gcéad dul síos, is leabhar drámatúil réadúil é faoi Aisling agus í ag déileáil le ginmhilleadh, rud atá go mór i mbéal an phobail i láthair na huaire. Tá an leabhar seo dírithe ar dhéagóirí agus ar dhaoine fásta mar gheall gur déagóir í an príomhcharachtar agus go bhfuil sí ag iompar clainne.
Is í Aisling an príomhcharachtar sa scéal. Is déagoir í agus tá sí ina cónaí i gCluain Tarbh i mBaile Átha Cliath. Is innealtóir é a hathair agus is captaen loinge é chomh maith, mar sin bíonn sé i gcónaí ó bhaile. Tá a máthair traidisiúnta coimeádach. Tá sé fíor a rá go bhfuil tuismitheoirí Aisling an-dian uirthi mar a bhíonn go leor tuismitheoirí.
Is scéal é seo faoi Aisling atá ag iompar clainne agus faoina turas go Sasana chun ginmhilleadh a fháil. Cuireann sé seo ag smaoinmeamh í faoina saol go dtí seo agus faoina máthair.
Is maith liom an scéal seo mar ceapaim gur scéal suimiúil é. An t-aon locht a bheadh agam air ná go raibh sé saghas deacair do dhéagóirí an teanga a thuiscint ach bhí an scéal an-suimiúil.’
Sliocht ó léirmheas san iris Comhar, Deireadh Fómhair 2016.
Éiríon le Ní Dhuibhne críoch chumhachtach a chur leis an scéal agus tá sí le moladh as a bhfuil bainte amach aici sa leabhar. Téama nach bpléitear go minic i litríocht do dhéagóirí is ea an ginmhilleadh agus ar nós @TwoWomenTravel, stróiceann Ní Dhuibhne an tost den ábhar.