Bliain an Ghaisce: An Cheathrú Rua – Seaimpíní na hÉireann 2025
Bliain an Ghaisce, bliain na Ceathrún Rua…
Seo duit ceiliúradh i bpictiúir agus téacs ar bhua Chluiche Ceannais na hÉireann 2025 ag foireann shóisear na Ceathrún Rua, baile Gaeltachta i gConamara Theas.
Le grianghraif ó Seán Ó Mainnín agus le téacs ó Tomás Mac Con Iomaire tugtar ar aistear tríd na cluichí craoibhe tú, aistear a lean chun buaice sa deireadh i bPáirc an Chrócaigh i mí Eanáir 2025 agus an Ghaeltacht is mó riamh athlonnaithe go príomhstaid Chumann Lúthchleas Gael.
Ach ní leabhar spóirt amháin ar chor ar bith é, Bliain an Ghaisce. Sa bhforlíonadh istigh, An Leabhar Rua, déanann 100 leathanach ceiliúradh ar an mbaile Gaeltachta seo i gConamara Theas a sheasann lena teanga agus a gcultúr Gaelach le bród.
240 leathanach / 650 pictiúr
Formáid Clúdach crua
Foilsitheoir Hup Conamara Publishing









