Sladmhargadh!

Máirtín Ó Direáin: Selected Poems / Rogha Dánta

10.00

[flipbook-popup id="máirtín_ó_direáin"] Léigh sliocht as an leabhar[/flipbook-popup]

Stoc ar fáil

Ainneoin gur fhiolsigh Tomás Mac Síomóin agus Douglas Sealy Tacar Dánta / Selected Poems leis an Direánach i 1984 agus go ndeachaigh athchló air i 1992, tá sé as cló le fada. Seo chugainn, mar sin, aistriúcháin nua Bhéarla maille, leis na bunleaganacha Gaeilge, ar beagnach dhá chéad dán dá chuid, le duine de mhóraistritheoirí fhilíocht na Gaeilge. Tá na dánta “móra” uilig anseo, “Dínit an Bhróin”, “an tEarrach Thiar”, “Ó Mórna”, agus súil go rachadih siad i bhfeidhm an ghlúin nua léitheoirí i mBéarla agus i nGaeilge. 

 

Meáchan 250 g

Cuireann sé iontas orm in amanna gur thug Máirtín Ó Direáin a cheann filiúnta leis. Is fíor go mbaineann sé le Tríonóid Naofa na Filíochta; é féin, Ó Ríordáin agus Máire Mhac an tSaoi ba mhó a chuir borradh faoin fhilíocht chomhaimseartha. Is fada dánta dá chuid ar chúrsaí scoile agus ollscoile, thuaidh agus theas, agus is iomaí sin alt agus leabhar atá scríofa ar a chuid dánta.

Mar sin féin, mar sin féin, an mbeinn ag insint bréag dá ndéarfainn nach raibh sé riamh faiseanta mar fhile agus is bhfad uainn an fhilíocht – dá fheabhas í – nach mbíonn faiseanta? Bhí meas ar a shaothar, gean fiú, ach ar chuir sé lasóg sa bharrach ollscoile mar a chuir Ó Ríordáin agus a ‘Raghaidh mé síos i measc na ndaoine / De shiúl mo chos / Agus raghaidh mé fíos anocht, nó ag Máire Mhac agus a ‘Beagbheann ar amhras daoine, / Beagbheann ar chros na sagart, / Ar gach ní ach a bheith sínte / Idir tú agus falla -‘.

Is maith mar a chuireann leabhar nua Mháirtín Ó Direáin: selected poems / rogha dánta’ (Cló Iar-Chonnacht, €20) a chuid buanna i gcuimhne dúinn arís.

Léigh an léirmheas iomláin ar Tuairisc.ie ag an nasc seo: https://tuairisc.ie/lon-leitheoireachta-o-fhile-nach-raibh-riamh-faiseanta/
Lón léitheoireachta ó fhile nach raibh riamh faiseanta, léirmheas le Pól Ó Muirí, www.tuairisc.ie, Dé Máirt, Bealtaine 7, 2019.

Frank Sewell’s book is the second bilingual selection of Ó Direáin’s poems that I’m aware of, the first being Tomás Mac Síomóin and Douglas Sealy’s ‘Máirtín Ó Direáin Selected Poems Tarcar Dánta’ (Goldsmith Press, 1984), published while he was alive and reprinted but which is long out of print. In the present volume Sewell selects 200 poems with his own translations and introduction. The poems represent each Ó Direáin’s eleven collections, beginning with ‘Coinnle Geala’ in 1942 and continuing to his final two collections, which came after the publication of the Mac Síomóin / Sealy book. So even if you have that, there’s a different selection and, of course, different translations here.

It is an attractive hardback, and the translations do justice to the moods, registers and language of the originals while retaining their freshness. As with any translation, readers may quibble with the latitude Sewell allows himself to create his English version, but I doubt if many will feel that these translations move too far from the originals. Hopefully, this book will introduce Ó Direáin’s unique world view, sensitivities and importance to an international readership and ensure he is given his rightful place within the pantheon of twentieth-century Irish literature.
Leabhair idir lámha, Cathal Póirtéir, Books Ireland, Bealtaine / Meitheamh 2019

Má tá cothú suntasach faighte ó na hochtóidí i leith ag glúin Innti agus a sliocht maidir le leaganacha Béarla dá ndánta a bheith á gcur faoi bhráid phobal léitheoireachta na teanga sin, níorbh amhlaidh don ghlúin a d’imigh rompu. Údar suntais ar leith, mar sin, agus ábhar gairdis, mar a tharlaíonn, cnuasach dátheangach Frank Sewell. Céad dán ar fad atá anseo istigh agus úire agus neamhspleáchas criticiúil ag roinnt leis an rogha a dhéantar as gach ceann de na cnuasaigh a d’fhoilsigh an file lena bheatha, móide seacht gcinn de dhánta neamhchnuasaithe.

Ní i gcónaí a déarfá gur feabhas na filíochta amháin faoi ndear dánta áirithe a bheith roghnaithe , seachas iarracht intuigthe ar chur i gcoinne cúinge áirithe sa ghaois choitianta faoi réimse ábhair an fhile. (Níl a fhios nach raibh cuid den locht ar an Direánach féin nuair a ghéill sé, sa dán gearr ‘Ionracas” don ghaois chéanna ó bhéal Uí Ríordáin). Ar na cúiseanna atá luaite agam cheana cuirfear spéis mhór sna haistriúcháin nua agus ní bheidh díomá ar léitheoirí an Bhéarla, ná ar léitheoirí dátheangacha ach oiread.

Sliocht as léirmheas le Caoimhín Mac Giolla Léith, Comhar, Eanáir 2019.
Léirmheas le Caoimhín Mac Giolla Léith, Comhar, Eanáir 2019