Is as Baile Átha Í i gCo. Chill Dara do Bhrian Hughes agus tá aithne air go forleathan mar cheoltóir den chéad scoth ar an bhfeadóg stáin. Is léir ón albam bríomhar seo go bhfuil an cháil sin tuillte go maith aige. Is óna sheanathair Christy Bracken, ceoltóir ar an phíb mhála, a thóg Brian a ghrá don cheol traidisiúnta. Chomh maith lena shuim san fheadóg stáin, chuir sé suim ariamh sna píobaí uilleann agus san fheadóg mhór, leis, agus is minic a thug cuairt sé ar Chlub na bPíobairí Uilleann ar Shráid Henrietta i mBaile Átha Cliath ina óige. Tá sé ag cnuasach ceoil le blianta fada, idir shean agus nua, agus tá éagsúlacht bhreá fonn le cloisteáil ar an albam seo.
Ar na haoicheoltóirí ar Whirlwind tá Garry O’Briain, Nollaig Casey, Brendan O’Regan, Donnchadh Gough, James Blennerhasset agus Bruno Staehlin.