Dlúthdhiosca dúbailte de cheol fidle ó Charlie Lennon, dlúthdhiosca amháin de cheol nuachumtha san áireamh.
“Tá dlúthdhiosca amháin ag breathnú siar, tá an ceann eile ag breathnú chun cinn.” Is é sin an cur síos a rinne Charlie Lennon ar an dlúthdhiosca dúbailte Turning the Tune. Is iad na seanphoirt atá le cloisteáil ar an gcéad dlúthdhiosca a chaitheann súil siar ar fhréamhacha an traidisiúin agus ar iarmháistrí an cheoil, Morrison, Killoran, Coleman agus Reavy san áireamh. Tá cóiriú nua curtha ag Charlie ar chuid de na foinn seo laistigh den traidisiún, rud a thugann le fios na féidearthachtaí atá ann. Caitheann an dlúthdhiosca eile súil chun cinn agus is ceol nuachumtha ina iomlán atá le cloisteáil air. Deir Charlie faoi na píosaí nuachumtha seo: “Bíonn sé ina chabhair domsa agus mé ag cumadh ceoil daoine agus áiteanna a thabhairt chun cuimhne agus iarracht a dhéanamh ar iad a athchruthú i gceol. Is ceol traidisiúnta is mó atá anseo ach in amanna ghluais mé i dtreo seánraí eile leis an scéal a insint go soiléir.” Tá cur síos sa leabhrán ar an spreagadh a bhain le gach píosa ceoil, rud a fhágann blas fíorphearsanta ar an albam.
Ar na ceoltóirí eile atá le cloisteáil ar an albam tá: Brian McGrath, Frank Kilkelly, Éilís Lennon, Brian Lennon, Johnny agus Johnny Óg Connolly, Steve Simmons agus Emmet Gill.