Ceol d’fhíorscoth an traidisiúnle Seán O’ Driscoll (bainseó, basúcaí, giotár) agus Larry Egan (bosca ceoil). Cois teallaigh i gcistin Sheáin a taifeadadh an ceirnín agus tá blas agus taobhar ar leith ar an cheol dá réir.
Tá cuid mhaith dá chuid ceol nua-chumtha fhéin ar an albam seo agus léirítear éagsúlacht an bhainseó ar an albam seo idir stíleanna agus meascáin cheoil. Stíl honky-tonk atá ar an mbainséo ar na polcaí a chuireann tús leis an albam agus athraíonn an stíl go bainseó láidir agus an bouzouki ar an bport ‘Dear Irish Boy’. Albam sainiúil agus álainn atá anseo.
Cé go bhfuil an bainseó chun tosaigh ar na traiceann ar fad tá dísréid á seinm ar an albam a Seán O’Driscoll le Larry Egan ar an mbosca ceoil agus tá Dave Hennessy (nó The Admiral mar a thugtar air) in éineacht leis ar an meleodeon agus Patrick Egan ar an gconsairtín.
Síneann an ceol tionlacain thar stíleanna éagsúla chomh maith. Tá dhá cur chuige an-difrúil ar an bpianó uaidh na ceoltóirí Ciarán Coughlin agus Maurice Crumb agus stíleanna difrúla arís ar an ngiotár le Donncha Moynihan agus Johnny Neville. Cuireann Seán é fhéin an bouzouki mar thionlacan ag cuid de na traiceanna.
Ar an traic deireanach den albam, seans le meabhrú don éisteoir gur fear é a bhfuil meas aige ar chineálacha éagsúla ceoil, tarraingíonn Seán O’Drioscoll an bosca ceoil chuige agus seineann válsa aoibheann a chum sé fhéin. Tá John Daly le cloisteáil ar an bhfidil ar an traic seo in éineacht leis, Wilcil McDowell ar an bpianó agus an bosca ceoil pianó. Seod simplí is ea Lendrum’s Waltz a bhfuil cuid mhaith damhsa sa gcistin spreagtha aige cheana fhéin.