The Beat of the Breath

15.01

Stoc ar fáil

Tá Brian Hughes ar dhuine de na ceoltóirí ar an bhfeadóg stáin is cumasaí de ghlúin an lae inniu. 

Tógann an t-albam is deireanaí le Brian Hughes ar an mbunchloch láidir a leag sé síos leis na halbaim máistriúla, Whistle Stop (CEFCD178) agus Whirlwind (CICD164). Mar a bhí ar an albam Whirlwind, a eisíodh ar lipéad Chló Iar-Chonnacht in 2006, tá na haoi-cheoltóirí Donnchadh Gough agus Garry Ó Briain, le cloisteáil ar The Beat of the Breath. Cloistear comhcheoltóirí nua ar an albam seo freisin, Seán McElwain agus David Day.

As Baile Átha Í i gContae Chill Dara ó dhúchas do Bhrian. Tháinig an ceol chuige i dtús báire óna sheanathair, an píobaire iomráiteach, Christy Bracken. Chomh maith leis an bhfeadóg stáin, tá an-spéis ag Brian sa bhfeadóg mhór agus sa phíb uilleann agus is iomaí cuairt a thug sé ar an Pipers’ Club ar Shráid Henrietta i mBaile Átha Cliath ina óige. Tá sé ina bhailitheoir bisiúil ar phoirt cheoil, idir phoirt nua agus seanphoirt.

‘Is é atá i do ghlac anseo ná toradh na mblianta agus na nglúinte de bheith ag scríobh, ag múnlú, ag seinm – ag cruthú. Ó na ríleanna tosaigh go dtí na poirt truslóige, ag cuimsiú na bhfonn mall álainn ‘Táimse im’ Chodladh’ agus ‘Slán le Máigh’, agus freisin sleamhnáin, cornphíopaí agus polcaí go nótaí deiridh na bport a thugann an bailiúchán chun críche, seinneann Brian leis an meascán iontach sin den chúram mionchúiseach agus den scaoilteacht fhiáin – téad rite ceolmhar, na mílte os cionn talún, áit a dtagann atmaisféar an domhain agus an spás le chéile.’
-John MacKenna

Meáchan 75 g