Scéal scéil: Rúndiamhra na meán

Na modhanna oibre a chleachtaítear sna meáin chun scéalta a aimsiú agus a sheachadadh.

15.00

Stoc ar fáil

Léigh sliocht as an leabhar >>

Táimid uile ag feidhmiú faoi scáth na meán cumarsáide ach is beag eolas atá againn i ndáiríre faoi cén chaoi a bhfeidhmíonn siad. Sa leabhar seo nochtann iriseoirí aitheanta, atá in ard a maitheasa faoi láthair, a gcuid rún faoi na modhanna oibre a chleachtann siad chun scéalta a aimsiú agus a sheachadadh. Gheobhaidh an léitheoir spléachadh ní hamháin ar ealaín na ceirde ach ar an chleasaíocht a bhíonn ar bun i seomraí nuachta na tíre. Tá idir mhagadh is dáiríre sa leabhar seo agus tarraingíonn na hiriseoirí ó thaithí fhairsing na mblianta le scéilíní agus le smaointe faoi chleachtadh na hiriseoireachta a roinnt linn. Déantar cíoradh ar réimse leathan ábhar ann: na tréithe atá riachtanach, an tablóideachas, claonta polaitiúla, tuairiscí ó láithreacha cogaíochta, féidearthachtaí gnó na hiriseoireachta, cén chaoi le ceisteanna a chur agus le freagraí a sheachaint. Ar na hiriseoirí a scríobh alt don leabhar tá Harry McGee, Paul Drury, Póilín Ní Chiaráin, Seán Ó Cuirreáin agus Cathal Mac Coille.



Meáchan 250 g
Foilsithe

2014

Aonghus Ó hAlmhain, ar a bhlag féin

‘Ceird is ea iriseoireacht. Namhad an cheird gan í a fhoghlaim, ach ní foghlaimítear ceird sa seomra ranga ná fiú san Ollscoil. Foghlaimítear ceird ó bheith ag obair le máistrí. Ní bhíonn an deis sin ann i gcónaí, ar ndóigh; ach is féidir méid áirithe a fhoghlaim ó scéalta na máistrí ar a dtaithí féin. Sin díreach atá sa leabhar seo, seanchas na ceirde á reic ag máistrí sa cheird, cuid mhór acu fós gníomhach; cuid eile atá anois ar an dtaobh eile den mboird agus léargas ar leith acu dá bhrí sin.’

Léigh an léirmheas ar fad anseo.

Seans gur spéis leat...