Pól Ó Muirí, The Irish Times.
Scéal do léitheoirí in aois a naoi mbliana nó níos mó atá in Hata Zú Mhamó. Déarfainn fosta, má tá tú ag foghlaim Gaeilge, go mbeadh sé fóirsteanach duit fosta. […] Tá eolas maith ag Ní Ghlinn ar an teanga; baineann sí an chuid is fearr as an chaint agus ní éiríonn an teanga féin leamh riamh. […] Ní chuirfidh an scéal stró ar léitheoir ar bith. Ach is grámhar mar a léiríonn Ní Ghlinn cúram agus gean an chailín óig do na seanfhondúirí. Cuireann sí aithne as an úr orthu agus aisíoctar a cineáltas féin léi.
Léigh an léirmheas ar fad anseo.
Siobhán Parkinson (Laureate na nÓg, 2010–2012)
‘Scéilín gleoite, aoibhinn, greannmhar é seo, corrthaitheach go minic, ach gan a bheith maoithneach riamh. Bainfidh páistí agus a dtuismitheoirí an-spraoi go deo as, agus rud beag á fhoghlaim acu, leis, faoin ghrá agus faoin chineáltas. Ar fheabhas!’
Réaltán Ní Leannáin (múinteoir agus údar).
‘Creidim gur leabhar é seo a léifidh páistí dá ndeoin féin go haonarach agus go mbainfidh siad sult as, ach a mbeidh inghlactha mar lón léitheoireachta ranga. […] ag brath ar an ghrúpa is féidir plé beoga a oscailt ar chúram sheandaoine, ról agus feidhm sheandaoine sa sochaí seo againne, neamhspleáchas pearsanta… agus ná bíodh aon dabht orainn gur féidir le páistí déileáil leis na coincheapa seo. Tá ábhar tromchúiseach go leor le haimsiú istigh sa leabhar, maolaithe ag an ghreann. Ach tá an cur chuige scríbhneoireachta anseo sofaisticiúil…’
Léigh an léirmheas ar fad anseo.
Anne Murray, in Inis le Children’s Books Ireland, Iúil 2016.
‘Is scéal é seo atá lán de ghreann, de ghrá, de spleodar agus de chroí. Is scríbhneoir den chéad scoth í Áine Ní Ghlinn atá tar éis scéilín álainn agus carachtair fíor-tharraingteacha a chruthú dúinn. […] Bheadh Hata Zú Mhamó mar áis iontach sa seomra ranga. Tá sé oiriúnach do pháistí i ranganna a trí agus a ceathair i nGaelscoileanna. D’fhéadfadh sé a bheith léite os ard ag an múinteoir nó úsáidte i ngrúpaí léitheoireachta. […] D’fhéadfadh tuismitheoirí an-sult a bhaint as an leabhar seo chomh maith agus é á léamh i dteannta a gcuid páistí sa bhaile.’
Sliocht as léirmheas le Bridget Bhreathnach, Comhar, Samhain 2016.
‘Thar aon ní eile is ceiliúradh atá ann ar an spraoi a bhaineann le bheith beo, ar an tseafóid ar dlúthchuid den saol í, agus ar iarracht a dhéanann an uile dhuine againn aoibhneas na hóige a choinneáil beo. Trí ní a bhfuil géarghá leo, is cuma cén aois atá tú.’
Aoibhinn Mc Phillips (Dalta i gColáiste Iognáid), An Timire, Meitheamh 2017.
‘Is leabhar greannmhar é seo … tá caidreamh réadúil grámhar idir Siobhán agus Mamó.’