Rogha bríomhar atá ar fáil sa chnuasach seo d’amhráin agus de rannta ón traidisiún Gaelach. Tá an t-ábhar seo ag cur gliondair ar mhuintir na hÉireann le fada an lá agus is léir ón tóir atá ar Peigín Leitir Móir gur breá leis an nglúin óg i gcónaí véarsaíocht ár sinsear. Cuir an dlúthdhiosca ar siúl sa charr, suigh siar agus éist leis na glórtha – tabharfaidh tú faoi deara go ngiorraíonn Peigín bóthar!