Pictúirleabhar le cód QR – Éist leis na hamhráin agus na rannta
Teach Teidí – LEABHAR
Fáilte chuig Teach Teidí! Téimis ina theannta go tír na samhlaíochta, áit a mbeidh Bricfeastasár, Foghlaí Mara, Capall Draíochta agus neart carachtar eile ar bís le bualadh libh! Foghlaimeoidh sibh amhráin agus rannta spraíúla sa scéal spleodrach seo le Sadhbh Rosenstock. Ciara Ní Dhuinn a mhaisigh.