Níl stoc ar fáil

Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge

Saol agus saothar Mhic Mhaoláin, aistritheoir tionscantach faoi scéim an Ghúim sa Stát nua.

15.00

Níl stoc ar fáil

Sa tsraith Lúb ar Phár, pléann imleabhar 5 le saol agus le saothar Sheáin Mhic Mhaoláin, aistritheoir tionscantach faoi scéim an Ghúim sa Stát nua. Tá léamh agus anailís chuimsitheach ar a chuid oibre ceannródaíche mar aistritheoir go háirithe agus léirítear idir a dheisbhéalaí agus a dhílseacht don bhuntéacs le sleachtaí samplacha as na haistriúcháin a rinne sé. Faightear léargas ar chomhthéacs stairiúil agus liteartha na tréimhse i gcoitinne chomh maith ón bplé a dhéantar ar chás an scríbhneora seo ar bhunúdár litríochta den scoth é chomh maith céanna. Léachtóir in Fiontar & Scoil na Gaeilge DCU is ea an t-údar.

Meáchan 250 g
Clúdach

bog, crua