Irish Times 28/05/2003
Bunaithe ar shiompóisiam a bhí ar siúl anuraidh atá an cnuasach seo aistí ar chúrsaí léitheoireachta, agus litearthachta. Róisín Ní Mhianáin eagarthóir Sinsearach Litríochta agus Ceoil le Cló Iar-Chonnachta, a d’eagraigh a ócáid agus ise a chur eagair ar an leabhar. Is go comair a chuireann sí s íos ar thábhacht na léitheoireachta: “Is í an léitheoireacht scáthán na scríbhneoireachta”. Ag scrúdú an scátháin a bhí an siompóisiam. Ina dhá chuid atá an leabhar féin: ceann amháin ar léitheoireacht agus ceann eile ar litearthacht. Ma tá corrnod i dtreo “Caithfimid rud éigin a dhéanamh”, tá níos mó nodanna arís i dtreo molatí praiticiúla a chuirfeadh bonn níos fearr faoin léitheoireacht agus litearthacht.
LÁ 25/06/2003
Más amhlaidh gur cheannaigh tú leabhair i nGaeilge ar na mallaibh seans maith gur phinsinéir thú. Sin an rud a deir a lucht díolta leabhar, cibé, más fíor do Róisín Ní Mhianáin, a d’eagraigh siompósiam faoin léitheoireacht ar an Spidéal in earrach na bliana seo caite. Sa leabhar seo, atá bunaithe ar na cainteanna a tugadh ag an ócáid seo, tugtar aghaidh ar na ceisteanna móra a bhaineann ní amháin le díol agus ceannach leabhar Gaeilge, ach ar cheisteanna bhunúsacha a bhaineann leis an léitheoireacht agus an litearthacht i measc lucht na Gaeilge. ‘Sé an bealach a moltar do lucht taighde margaíochta dul i mbun oibre’, a deir Róisín Ní Mhianáin, ‘ná ceist a chuir orthu féin cad é a tharlódh dá gcuirfí na príomh-rannpháirtithe i seomra le chéile’. Sin é an rud a rinneadh sa siompósiam seo. ‘Den chéad uair le cuimhne na bhfoilsitheoirí agus bhaill na hearnála, cuireadh fóram ar fáil inar tugadh aghaidh go hoscailte ar na fadhbanna a bhaineann leis an ghanntanas léitheoirí G aeilge atá ann, agus ar na deacrachtaí litearthachta a mheastar a bheith ar cheann de na cúiseanna atá leo sin’. Agus ní amháin gur eagraigh Róisín an siompósiam ach chuir sí eagar ar a leabhar léachtaí seo chomh maith agus dá thairbhe, tá imeachtaí na deire seachtaine sin á mbuanú anois trína bhfoilsiú idir chlúdaigh an leabhair seo. Déantar iarracht sa leabhar míniú a thabhairt ar ghnéithe éagsúla de na deacrachtaí léitheoireachta agus litearthachta is cúis leis an mhargadh léitheoireachta a bheith in ísle brí mar atá. Glactar leis sa leabhar seo go mbeadh cothú na léitheoireachta sa phobal mar bhunstraitéis fhadtéarmach riachtanach d’aon fheachtas margaíochta a chuirfí ar bun le leabhair Gaeilge a chur chun cinn. Is mór is fiú an saothar seo a chuir Róisín Ní Mhianáin uirthi féin, ní amháin leis an siompósiam a eagrú ach leis an leabhar seo a chur le chéile chomh maith. T á súil agam nach iad na pinsinéirí amháin léifidh é.