Sladmhargadh!

Duanta Aneas

5.00

Stoc ar fáil

File ionadaíoch de chuid ré na hAthbheochana is ea Pádraig Ó Miléadha agus is léargas gléineach ar fhilíocht na tréimhse atá in Duanta Aneas a foilsíodh i gcéaduair i 1934. Fear Gaeltachta a bhí san fhile agus é ar maos sa traidisiún liteartha a fuair sé óna oidhreacht Dhéiseach. Fearacht na bhfilí a chuaigh roimhe, tugann sé tuairisc uaidh ar a mhuintir féin ina shaothar. Nochtann sé a gcuid imeachtaí saoil agus ina theannta sin a ndearcadh i leith an tsaoil ag tráth cinniúnach i stair na tíre agus i stair na teanga, agus maireann amhráin mar Sliabh Geal gCua na Féile agus Na Tincéirí’ beo i gcónaí ar bhéal a mhuintire.

Ar na dánta sa leabhar tá: Mo Thigh Beag Aerach, Na Tincéirí, Sliabh Geal gCua na Féile, Ceárta Mhicil de hÓrdha agus Peata Beag Gleoite do Mháthar.

Meáchan 250 g