Do Lorg: Dánta agus Aortha. Traces de ton passage: Poèmes et satires en irlandais

12.00

Stoc ar fáil

Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 1997; Ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 1997; Ainmnithe ar Ghearrliosta Dhuais Litríochta The Irish Times 1999

Dánta níos fearr faoin bpaisiún daonna níor cumadh le fada an lá . . . agus an chluas atá aige d’fhéidearthachtaí, do cheol na teanga seo, caithfidh sibh go léir an sárfhile seo a léamh. – RTÉ Guide

Ní mór a rá gur leabhar galánta é Do Lorg, é maisithe go slachtmhar stíleach agus, leoga, tá dearadh tuisceanach ealaíonta síos tríd an saothar ar fad. – Lá

Leabhar ar leith é seo ina bhfuil 60 téacs gairid (prós agus véarsaíocht); leaganacha Fraincise de 24 cinn díobh; agus atáirgeadh daite ar ocht bpictiúr a phéinteáil Mireille Guégant. As tionscadal fada de chuid Guégant agus an Bhreathnaigh a d’eascair an saothar. Le linn tréimhse cúig bliana, spreag siad a chéile chun gnímh trí mhalartú scríbhinní agus pictiúr, trí litreacha, trí thraiseoladh smaointe agus trí chastáil ar a chéile dhá uair sa bhliain.

Meáchan 250 g

Seans gur spéis leat...