Colourful Irish Phrases

€8.00

Stoc ar fáil

Product ID: 48344 ISBN: 9781781178379 Catagóirí: , , , , , Clib:

Colourful Irish Phrases

Tá go leor nathanna cainte sa nGaeilge nach bhfuil mórán céille leo nuair a aistrítear go Béarla iad focal ar fhocal. Is cnuasach leaganacha atá sa leabhar seo atá cruinnithe le chéile ag an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile agus aistriúchán liteartha tugtha agus míniú breise ar chúlra an natha, an stair a bhaineann leis, nuair atá teacht air sin, agus samplaí den úsáid a bhaintear as.

Is áis iontach atá sa leabhar seo don chainteoir Gaeilge chomh maith leis an té nach bhfuil aon Ghaeilge acu ach gur mhaith leo blaiseadh a fháil de shaíocht is de shaibhreas na teanga. Bainfear an-taitneamh as an leabhar seo, ní hamháin mar gheall ar gheall ar na nótaí taitneamhacha, spéisiúla atá ag dul leis. 

Is as Inis Treabhair ó dhúchas do Mhicheál Ó Conghaile, oileán amach ó chósta Chonamara i gCo. na Gaillimhe.  Is scríbhneoir bisiúil é agus bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnachta i 1985. Tá filíocht, gearrscéalta, úrscéal, drámaí agus úrscéilín dá chuid chomh maith le haistriúcháin foilsithe aige.  Ar na duaiseanna atá bainte aige dá shaothar tá Príomh-Dhuais Litríochta Hennessy agus Scríbhneoir Nua Éireannach na Bliana, ainmniúchán ar ghearrliosta Dhuais Liteartha The Irish Times 2001 do Sna Fir agus duais Stewart Parker/BBC Uladh don dráma Cúigear Chonamara.  

Tá an oiread gráin aige air is atá ag an diabhal ar uisce coisreacain.

He hates it as much as the devil hates holy water.

Meáchan250 g