Fiacha Fola

10.00

Stoc ar fáil

Bronnadh Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, ar an saothar seo.

Tá an t-ábhar gruama agus truamhéalach, ach ardaíonn scileanna an fhile an t-iomlán go buaic chórach réasúin agus fealsúnachta, gan aon ruainne den daonnacht a chailliúint agus gan tarrac ar mhaoithneacht ná ar fhéintrua sa phróiseas. Sampla réiltheanach an saothar so de chaithréim an dána thar na cúinsí is docharacha. Máire Mhac an tSaoi

Scannal an Heipitítis C atá faoi chaibidil sa tsraith dánta sa chnuasach Fiacha Fola. Cruthaíonn an file leanúnachas scéaltach eisceachtúil ann nach bhfeictear go hiondúil ach san úrscéal. Diaidh ar ndiaidh, tuigtear don léitheoir nach iad gnátheachtraí an tsaoil a bhfuil cur síos á ndéanamh orthu sna dánta seo faoin ghrá, faoin bhreith, faoi chúraimí clainne agus faoi thinnis. Dán ar dhán, cuireann an file an tragóid ina luí ar an léitheoir, go dtí go nochtar an fhírinne ghlan, thubaisteach.

www.celiadefreine.com  

Meáchan 100 g