Sladmhargadh!

Gréagóir Ó Dúill – Rogha dánta: 1965-2001

Cuisle na filíochta ag preabadh go láidir i bhféithe Uí Dhúill.

7.50

Stoc ar fáil

Is beag file a shaothraigh chomh fada seo i ngort na filíochta agus is iomaí claochlú a tháinig ar Éirinn agus ar an saol i gcoitinne ó chuaigh sé i mbun pinn. Rud amháin nár athraigh, mar is léir ón gcnuasach seo, cuisle na filíochta ag preabadh go láidir i bhféithe Uí Dhúill.

Meáchan 250 g
Leathanaigh

167

Foilsithe

2001

Anton Mac Cába, Lá – 17 Eanáir 2002

Tá Gréagóir Ó Dúill ag saothrú leis mar fhile le beagnach dhá scór bliain. Ní hé an port céanna atá aige ar fud na tréimhse sin: tá éagsúlacht mhaith abhár agus stíle sa chnuasach. Fógraíonn sé go hionraic an dearcadh atá aige ar chúrsaí an tsaoil: “Gluaisim liom ar an bhruach clé i gcónaí agus tá sin le léamh”. Tá dornán de dhánta ann a mhairfidh agus ba cheart go mbeadh siad á léamh i gceann dhá scór bhliain eile. Tá an Dúilleach ag scríobh leis ar fad. Agus an duanaire seo léite, beidh súil ag léitheoir ar bith le tuilleadh dánta.


Dónall Ó Braonáin, Foinse – 15/12/2001

Rogha an fhile dá shaothar cumadóireachta atá sa leabhar seo maraon le haiste spéisiúil dhírbheathaisnéisiúil i dtosach an leabhair. Pléann sé le ábhair éagsúla, cogaí agus cogaíocht san áireamh. Baineann Ó Dúill gaisneas as ceisteanna le bonn a bhaint den léitheoir nó mar cuid dlúth de struchtúr dáin nó mar léiriú ar a thóraíocht phearsanta féin. Tá slacht agus smais ag baint leis an gcomhfhoilseacháin seo idir Coislife agus Coiscéim.