Aois fir (closleabhar saor in aisce)

Scéal garsúin sna déaga luatha a chaitheann teacht in aois fir gan choinne. Scéal farraige, seoltóireachta agus bádóireachta ar chósta thoir theas na hÉireann á léamh ag an údar, Liam Ó Muirthile. The story of a boy in his early teens who has to grow up suddenly. A story of the sea and sailing on the south east coast of Ireland read by the author, Liam Ó Muirthile.

0.00

Stoc ar fáil

Eachtra farraige é Aois fir. Tá garsún sna déaga luatha i mbun bád seoil leis féin ar an bhfarraige mhór. Tá a athair agus a uncail ina bpleisteanna ag a gcuid ólacháin ar an mbád. Ní haon chabhair iad. Ní mór don ngarsún a bheith ina fhear anois, aghaidh a thabhairt ar a chuid eaglaí, teacht ar a mhianach, agus é i ngalar na gcás. Is gearr go mbeidh sé ina oíche. Ní mór dó an bád, é féin agus na fir a thabhairt slán. Pé hiad féin, na fir. Pé rud é, bheith i d’fhear. ÍOSLÓDÁIL AN CLOSLEABHAR SAOR IN AISCE ANSEO. Cliceáil ar rian amháin agus feicfidh tú cnaipe beag in aice leis an gcnaipe ‘Share’. Bain úsáid as an gcnaipe seo chun na riain a íoslódáil saor in aisce. Á léamh ag Liam Ó Muirthile. ©2015 Liam Ó Muirthile. Is le haghaidh úsáid phearsanta amháin atá an taifeadadh seo curtha ar fáil saor in aisce ag Cois Life. Is sárú cóipchirt aon chraolachán neamhúdaraithe, aon léiriú poiblí, aon chóipeáil, ataifeadadh nó teo-nascadh ar bith gan réamhchead an fhoilsitheora. Chun cead a iarraidh déantar teagmháil le eolas@coislife.ie. Tá mionchur síos ar shonraíocht an Cheadúnais Chomónta áirithe seo le fáil ag an nasc seo.

Foilsithe

2015

Léaráidí le

Olivia Golden