An Líon a Bhailíonn Gach Iasc – Saol, Saothar agus Oidhreacht Michael Hartnett
Fiche bliain i ndiaidh do Michael Hartnett an saol seo a fhágaint, deineadh comóradh air agus ar a shaothar Gaeilge le linn na comhdhála ‘An Líon a Bhailíonn Gach Iasc: Saol, Saothar agus Oidhreacht Michael Hartnett’ a reáchtáladh i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Tharraing an teideal ar fhocail Hartnett sa dán ‘Teanga Mise’ in Adharca Broic (1978), ag fógairt go raibh fáilte á cur roimh ábhar ilghnéitheach agus roimh phlé critice ilchineálach.
Tá léargais úrnua anseo ó scoláirí agus saineolaithe ar ghnéithe de shaol agus de shaothar Hartnett. Tá cuntais spreagúla le fáil ann óna chomhfhilí, agus rannóg speisialta le dánta comhaimseartha.
Formáid Clúdach bog
Seánra Beatháisnéis
Foilsitheoir Leabhar Breac









