An té a bhíonn ag gáire… Brian Ó Nualláin: Scríbhneoir Gaeilge-Béarla

Saothar a scrúdaíonn tionchar na Gaeilge ar scríbhneoireacht Bhriain Uí Nualláin

€18.00

Stoc ar fáil

Product ID: 62120 ISBN: 9781784442842 Catagóirí: , , , Clibeanna: , ,

An té a bhíonn ag gáire… Brian Ó Nualláin: Scríbhneoir Gaeilge-Béarla

Louis de Paor

Sula raibh trácht ar Myles na gCopaleen agus Flann O’Brien, bhí Brian Ó Nualláin (1911–66) ann, fear óg a tógadh le Gaeilge, a rinne staidéar ar an nGaeilge dá chéim agus a bhain chéim MA amach sa tSean-Ghaeilge.

Ar ndóigh, ní haon scéal nua é do lucht na Gaeilge a lárnaí is a bhí an teanga agus saíocht na teanga i saothair mar An Béal Bocht (1941) agus an iliomad tagairtí dá litríocht ina cholún san Irish Times, ‘Cruiskeen Lawn’ – go deimhin is i nGaeilge a scríobhtaí an colún céanna i dtús ama.

Is é atá a mhaíomh sa saothar seo a lárnaí is a bhí eispéaras na Gaeilge sna húrscéalta sin a bhain cáil dhomhanda amach dó, mar atá, At-Swim-Two-Birds (1939) agus The Third Policeman (1967), úrscéalta a bhféachtar anois orthu mar shár-eiseamláirí de chuid an úrscéil nua-aoisigh.

Go deimhin, is féidir a áiteamh go bhfuil cló na Gaeilge chomh láidir sin ar shamhlaíocht chrosta dhátheangach Bhriain Uí Nualláin gur geall le scríbhneoir Gaeilge é fiú agus é ag scríobh as Béarla.

Meáchan 505 g
Toisí 21.7 × 14 × 3 cm

Seans gur spéis leat...