Sladmhargadh!

Maurice Lennon The Little Ones

7.50

Stoc ar fáil

Tá clú ar mhuintir Lennon i measc lucht éisteachta an cheoil Ghaelaigh. Tá seanaithne ar athair Maurice, Ben Lennon, mar mháistir stíle Liatroma na fiddle traidisiúnta, agus tá cáil ar a uncail Charlie mar chumadóir, mar thionlacaí piano agus mar fhidléir. Ba léir go raibh an traidisiún tugtha leis ag Maurice nuair a bhuaigh sé Craobh Shinsearach na Fidle ag Fleadh Cheoil na hÉireann, a tionóladh in Inis i 1977 – ba é an duine ab óige a bhuaigh riamh é, agus é 19 bliain d’aois. Go gairid ina dhiaidh sin, bhunaigh sé an grúpa Stockton’s Wing in éineacht le triúr Curadh Uile-Éireann eile, agus bhí sé ag cumadh, ag taifeadadh agus ag seinm ceoil leis an ngrúpa céanna ar feadh 27 bliain.

Is é an CD seo a chéad cheirnín fidle aonair, cé go raibh sé ag seinm ar cheirnín de chuid Gael-Linn, An Fhidil 2, i 1977, le leithéidí Martin Hayes agus Seamus Glackin; sheinn sé freisin ar an gceirnín Aengus, leis na deartháireacha Jackie agus Tony Small agus Garry Ó Briain i 1978, agus ar, Within a Mile of Kilty, le fidléirí eile, Brian Rooney, Seamus Quinn, John Gordon, Ben agus Charlie Lennon, in 2005.

Le blianta beaga anuas, tá go leor ama caite ag Maurice i Meiriceá agus é ag casadh ceoil agus ag cur oiliúint ar cheoltóirí óga. Chuir sé oiliúint ar ghrúpa ceoltóirí óga i Stáit Aontaithe Mheiriceá anuraidh agus fuair siad an bua i gcomórtas sinsearach Grúpa Ceoil ag Fleadh Cheoil na hÉireann i gCabhán in 2012. “Tá dualgas orainn uile a bhfuil sé d’ádh orainn an traidisiúin cheoil a bheith againn, an traidisiúin sin a thabhairt don chéad ghlúin eile,” a dúirt sé.
Tá roinnt mhaith obair léirithe cheoil á dhéanamh ag Maurice na laethanta seo. D’oibrigh sé le deireanas leis an ngrúpa fonnadóireachta, CODA, ar albam a eiseofar go luath agus d’oibrigh sé leis an amhránaí, Kevin O’Donnell, atá lonnaithe i Chicago, ar a albam nua, Deep is the Well.

Meáchan 75 g