Rossinver Braes le Ben Lennon agus Tony O’Connell ag #6 ar Liosta Ceol Traidisiúnta 2008 ag Earle Hitchner.
Earle Hitchner, Echo Nation, Irish Echo, 21-27 Eanáir 2009
<>‘Leitrim fiddler Ben Lennon cast his line outwards along with concertina player Tony O’Connell on their duet album, Rossinver Braes‘.
12 Nollaig (December) 2008: The Ticket, The Irish Times
Albam nua le Ben Lennon, fidil, agus Tony O’Connell, consairtín. Tá clú agus cáil ar Bhen Lennon, scothfhidléir atá ochtó bliain d’aois aguscé go bhfuil beagnach caoga bliain idir é féin agus a chomhcheoltóir ar an albam seo, Tony O’Connell as iarthar Luimnigh, is léir go bhfuil bá láidir ag ceol na beirte dá chéile. Dar le David Lennon, mac le Ben, gurbh annamh go bhfeictear comhthuiscint ar an gceol ina iomláine á léiriú mar atá anseo, idir mhíriú, rithim agus nithe sonracha an cheoil. Is é seo an dara halbam ag Tony O’Connell; eisíodh an chéad albam aige, leis an bhfidléir Andy Morrow as Liatroim, sa bhliain 2005. Tugadh ardmholadh don albam sin agus ainmníodh sa dara háit é ar liosta albaim na bliana an iriseora Earle Hitchner san Irish Echo. Ba é Within a Mile of Kilty, albam le Ben agus Charlie Lennon agus ceathrar fidléirí eile den chéad scoth as Liatroim eisithe ar lipéad Chló Iar-Chonnachta, a bhí sa chéad áit.
Tá idir fhoinn thraidisiúnta agus fhoinn nuachumtha le cloisteáil ar Rossinver Braes; orthu sin tá an cornphíopa a chum Charlie Lennon atá mar theideal an albaim, ainmnithe as an sráidbhaile a bhfuil Ben ina chónaí ann anois, agus dhá fhonn eile leis chomh maith, na damhsaí sciobóil ‘Lord Leitrim’ agus ‘The Earl of Thomond’, cumtha in onóir na gceoltóirí. Dar le Charlie, go gcuireann na foinn spiorad na beirte agus spleodar a gcuid ceoil in iúl. Is as ceantar Shligigh-Liatroma an chuid is mó de na foinn ar an albam, agus cuid acu luaite le Michael Coleman agus James Morrison. Tá tionlacan á thairiscint ag Charlie Lennon (pianó), Alec Finn (basúcaí) agus Jerry McNamara (giotár).