Sladmhargadh!

Island Eddy

5.01

Stoc ar fáil

An chéad albam leis an ngrúpa ceoil Island Eddy leis na ceoltóirí Brendan Larrissey (fidil), Brian Duke (feadóg mhór), Jim McKee (amhráin, giotár) agus Martin Gavin (bodhrán). Is as Dún Dealgan, Co. Lú do Brendan Larrissey, scothfhidléir, agus tá sé ag cur faoi i nGaillimh le beagnach fiche bliain anuas. Is as an gCorr Chríochach, Co. Thír Eoghain do Jim McKee agus tá trí amhrán nua scríofa ag Jim don albam seo, iad bunaithe ar a thaithí sa Tuaisceart san am a chuaigh thart. Is as Co. Ros Comáin do Brian Duke, contae a bhfuil traidisiún láidir fliúiteadóireachta ann agus tá Brian ar dhuine de na ceoltóirí is fearr a léiríonn an oidhreacht fliúiteadóireachta seo. Is as Béal Átha na Sluaighe don sárbhodhránaí Martin Gavin agus an-suim aige i gceol oirthear na Gaillimhe.

Meáchan 75 g