‘Tá teideal an albaim seo an-oiriúnach agus léiríonn sé go díreach cad é atá le fáil ar an dlúthdhiosca seo. Bíodh a fhios agaibh nach ndéanann an ceol seo mór is fiú de féin; eascraíonn an ceol as tobar domhain an traidisiúin sheanbhunaithe. Preabann an ceol thar chlocha is thar charraigeacha faoi mar a bheadh sruthán sléibhe ann agus an t-uisce ag gabháil síos ann ina thuilte, agus is ceol é a chuirfeadh i gcuimhne duit tráthnóna cois teallaigh, cistineacha urlár leice, leath-dhoirse agus díonta tuí na hÉireann a bhí ann le linn m’óige, nuair a bhí an ceol sa bhaile agus é faoi bhláth ina thimpeallacht nádúrtha.
– Ben Lennon
Mick Conneely: Tá Mick ar dhuine de na fidléirí is mó meas sa lá atá inniu ann. Is iomaí ceoltóir ar sheinn sé leo. Ina measc tá De Danann, Mary Bergin, Frankie Gavin, agus Máirtín O’Connor. I 2001 eisíodh a chéad albam aonair, Selkie, ar lipéad Chló Iar-Chonnacht, agus chuir lucht na critice fáilte roimhe.
David Munnelly: Rugadh David Munnelly i dteaghlach ceolmhar, bhí ceol le cloisteáil thart air ó bhí sé iontach óg. Bhunaigh sé an David Munnelly Band i 1999, agus le linn na bliana céanna thaifead sé a chéad albam, dar teideal Swing. Thaifead sé trí CD eile leo agus chuaigh David agus an banna ceoil ar camchuairt ar fud an domhain.