The Music of Kevin Keegan

10.00

Stoc ar fáil

Bhí Kevin Keegan ar dhuine de mháistrí an bhosca cheoil, agus is é seo an chéad albam dá chuid ceoil. Is iad a dheartháir Vincent Keegan agus an boscadóir Joe Burke a chuir an t-albam seo le chéile, atá bunaithe ar thaifeadtaí ó chairde Kevin, le spiorad an cheoil agus an fhir a cheiliúradh agus a chaomhnú.

Deis eisceachtúil é The Music of Kevin Keegan blaiseadh a fháil de cheol an fhir seo nach mbíodh fáil air i ngar nó i gcóngar do stiúideo de ghnáth! Le 23 rian san iomlán, ina measc poirt, cornphíopaí, ríleanna, valsaí, máirseáil, rince fada agus dhá amhrán, The Little Thatched Cottage san áireamh, is conradh maith ar an airgead é. Beidh an-tóir ar an albamacu siúd ar cuimhin leo Kevin anseo agus i Meiriceá, agus ag ceoltóirí óga agus iad siúd ar suim leo an ceol, go gcloisfidh siad an boscadóir breá seo i mbun a cheirde.

Meáchan 75 g