Is ceoltóir, múinteoir agus tionscnóir í Karen Ryan agus í sáite i ndomhan an cheoil Ghaelaigh.
‘Karen is such a wonderful fiddle player, and this album immediately nominates her for Female Musician of the Year. She has a lot of tasty guest musicians in, but it is her playing alone that transcends all. This is a very, very exciting album. This woman can play.’www.liveireland.com Bill Margeson
Rugadh i Londain í ag tuismitheoirí ar as Gaillimh agus as Maigh Eo ó dhúchas dóibh. Ba é an traidisiún láidir i gConamara de sheinnteoirí mileoidin agus d’amhránaithe traidisiúnta ar thaobh a máthar a spreag a grádon cheol seo sa chéad dul síos.
‘The debut album by the London-born fiddler, banjoista and whistler Karen Ryan is an absolute gem … a remarkably coherent and convincing album’ fRoots Magazine
Thosaigh Karen ag seinm ceoil in aois a naoi mbliana, í oilte ag Tommy Maguire, ceoltóir ó thuaisceart LIatroma ag an London Irish Centre, áit a mbíonn sí féin ag múineadh anois. Ba anseo a chuir sí aithne ar a cairde cléibh na fidléirí Elaine Conwell agus Teresa Connolly (née Heanue), lenar bhuaigh sí an comórtas Tríréid faoi 12 ag Fleadh Cheoil na hÉireann i 1985.
‘each note is well-defined, with a crispness and deftness of touch making for a rare listening experience. Well worth a listen!’ The Living Tradition
Bhí an t-ádh ar Karen go raibh sí in ann feabhas a chur ar a cuid scileanna ceoil trí bheith ag seinm le líon mór ceoltóirí i saol spleodrach na seisiún Gaelach i Londain agus le linn cuairteanna a thug sí go minic ar ócáidí ceoil in Eirinn agus sna Stáit Aontaithe. D’fhoghlaim sí cuid mhór ó na ceoltóirí seo ar fad, ach luann sí Brian Rooney, Brendan McGlinchey, Danny Meehan agus taifeadtaí Andy McGann mar an tionchar is mó ar a seinm.
‘Livelier than a Camden pub on Paddy’s Night, and more full of Irish spirit than the off-license across the street, this is a cracking new album.’ Irish Music Magazine
Mar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa chlúitigh The London Lasses and Pete Quinn, a raibh seisear páirteach ann, sheinn Karen ag cuid de na féilte agus de na hallaí ceochoirme is mó gradam, ina measc Béal Átha SEanaidh, Cambridge Folk Festival, an Concertgebouw (Amstardam), Féile Cheoil Thraidisiúnta Inis, Glastonbury, Philadelphia Irish Festival agus An Royal Albert Hall, áit ar sheinn an banna ceoil an chéad chéilí a bhí ann riamh mar chuid de na BBC Proms i 2008. Tá ceithre albam taifeadta ag an mbanna ceoil go dtí seo.
‘Her fiddle playing is confident, energetic and expressive and she puts in some interesting twists and turns into the tunes … the music is always centre stage and is just gorgeous for that.’Musical Traditions
Cé acu mar mhúinteoir le Meitheal Cheoil i dTuaisceart Londan, mar cheannaire ceardlainne nó moltóir sa Bhreatain agus thar lear, leanann Karen uirthi de bheith ag tabhairt an traidisiúin slán d’idir óg agus aosta. Trína ról mar Stiúrthóir na féile Return to Camden Town, feile cheoil Ghaelaigh thraidisiúnta chomh maith le damhsa agus amhránaíocht, is tionscnóir í freisin a bhfuil duaiseanna buaite aici. Tá an fhéile seo sa cheathrú bliain déag anois agus is ceann de dhátaí is tábhachtaí fhéilire an cheoil ghaelaigh í, mar a ndéantar ceiliúradh ar an nasc stairiúil idir Camden agus an ceol traidisiúnta Gaelach.
‘rock solid performances of some excellent tunes’ Folking.com