Tá aois mhór ag an bhfear uasal seo, agus ní bréag a rá go bhfuil sé ag casadh amhrán beagnach ó rugadh é. Ghlac Máirtín Pheaits páirt i gcomórtais an Oireachtais don chéad uair i 1944, áit ar bhain sé Comórtas Oscailte na bhFear. Níor ghlac sé páirt sa chomórtas arís go dtí 2001, nuair a bhain sé an chéad duais athuair.
Ar an albam seo faighimid blaiseadh eile de bhinneas gutha Mháirtín Pheaits, agus den stór saibhir amhrán atá aige. I measc na n-amhrán is mó a aithnítear le Máirtín agus atá ar an albam tá Bádóirín Thír an Fhia agus Ceaití an Chúil Chraobhaigh. Sciurdann éan as gach ealt agus nach iontach an rud é go raibh an t-amhránaí seo atá ‘ar aon aois leis an Stát’, mar a deir sé féin, sásta a chuid amhrán a roinnt linn ag an tráth seo dá shaol. Más mall is mithid!
Is fada fairsing an lear mór lucht tacaíochta a bhfuil ríméad curtha ag an ngaiscíoch gabhálaí foinn seo orthu lena nós agus lena cháilíochtaí aoibhne amhránaíochta, agus le téagar, raon, réimse agus binneas a ghlóir chinn.
– Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta