Scoth na n-amhrán ó bhuaiteoirí an Oireachtais ó 1972 go 2007. Tá trí fhonnadóir is fiche uilig le cloisteáil, agus Corn Uí Riada buaite ag ‘chuile dhuine acu. Foilsíodh an dlúthdhiosca dúbailte seo i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta. I measc na bhfonnadóirí, tá Nan Ghriallais, Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha, Lillis Ó Laoire, Áine Uí Cheallaigh agus Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta.