Cois Abhann na Séad: Amhráin ó Mhúscraí CICD 132

10.00

Stoc ar fáil

Seo an chéad albaim le Eilís Ní Shúilleabháin, as Cúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí di, agus tá scoth na n-amhrán le cloisteáil ar Cois Abhann na Séad: Amhráin ó Mhúscraí. Is í an té is sine de mhór-sheisear clainne a bhí ar Nóra Ní Éalaithe agus Micheál Ó Súilleabháin, nó Maidhcí mar is fearr aithne air.

Duine banúil mín mánla í Eilís a bhfuil pléisiúr á thabhairt aici le blianta fada d’éisteoirí ar fud na tíre lena hamhránaíocht bhinn íogair. Tá sean-nós na mBan buaite aici agus an dara háit i gCorn Uí Riada (1991). Bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life uirthi i 1997.

…a wonderful collection of traditional sean-nós songs from Gaeltacht Mhúscraí, bursting with expression and flavour rendered by an accomplished and sensitive singer . . . an important archival and historical recording.
Irish Music Magazine

Traicliosta

  1. A Ógánaigh an Chúil Chraobhaigh
  2. An Hide and Go Seek
  3. Plúirín na mBan Donn Óg
  4. Na Gleannta
  5. Cois Abhann na Séad
  6. High Germany
  7. Aisling Gheal
  8. Bríde Ní Scannláin
  9. Cruach Dhomhaill Uí Ríordáin
  10. Maidean Luan Cásca
  11. Trucaill Pheige Bhreátha
  12. A Bhean Úd Thíos
  13. Bruach na Carraige Báine
  14. An Gamhain Geal Bán
  15. Go mBeannaítear Duit, a Mhuire
Meáchan 75 g
Toisí 14 × 12.5 cm