Níl stoc ar fáil

Eadrainn

10.00

Níl stoc ar fáil

Cur chuige nua, idirghníomhach maidir le foghlaim ghramadach na Gaeilge a chuirtear i láthair sa leabhar Eadrainn le Cian Marnell. Spreagtar bunús na foghlama trí chleachtaí beirte a dhéanann na foghlaimeoirí os ard.

Tugtar míniú cuimsitheach ar rialacha gramadaí agus go leor cleachtaí scríofa i ngach aonad, chomh maith.Rachaidh an leabhar chun leasa go mór d’fhoghlaimeoirí tríú leibhéal agus iar-Ardteiste chomh maith le foghlaimeoirí ardchaighdeáin dara leibhéal agus aonaracha.

Is rogha thraidisiúnta ábhair a phléitear anseo: aimsirí an bhriathair, díochlaontaí an ainmfhocail, srl., ach murab ionann agus na leabhair ghramadaí eile atá ar fáil, is trí obair bheirte is mó a dhéanta iarracht an fhoghlaim a chur i gcrích anseo. Tugtar léiriú ar na rialacha atá le sealbhú ar dtús, gan amhras, agus treisítear an fhoghlaim go rialta le cleachtaí scríofa de chineálacha éagsúla, ach is iad na cleachtaí idirghníomhacha beirte príomhábhar gach aonaid.

Spreagann an obair bheirte foghlaim ghníomhach agus cumarsáid idir fhoghlaimeoirí. Cabhraíonn sí le mic léinn a bheith freagrach as a gcuid foghlama féin freisin.  

Meáchan 250 g