Scéal grá agus scéal bróin do dhaoine óga 7-10 mbliana. Cónaíonn Éile ar oileán uaigneach lena tuismitheoirí. Tá peata róin aici. Tagann an lá ar chóir di an t-oileán a fhágáil chun dul ar scoil, dar lena tuismitheoirí. Tá pleananna eile ag Éile, áfach. Déanann an rón seilchí di. Cónaíonn sí idir muir agus tír as sin amach. Saothar maisithe lándaite.
Éile Rua – an chéad seilchí
Scéal grá agus scéal bróin do dhaoine óga. (Aois 7-10)
€9.00
Stoc ar fáil
Meáchan | 250 g |
---|---|
Léaráidí le | Olivia Golden |
Leathanaigh | 42 |
Foilsithe | 2007 |
Deirdre Uí Ghrádaigh, Inis (Children’s Books Ireland), Fómhar 2007
Créatúr miotaseolaíochta mara, seal ina rón, seal ina dhuine daonna é an seilchí. Rinneadh seilchí den chailín álainn Éile Rua nuair a thit sí san fharraige lá agus ceithre bliain déag d’aois aici. Ar oileán a ruagadh Éile Rua, an-dúil aici san fharraige agus coileán róin – Rónán – mar chara aici. Théadh sí ar cuairt aige go rialta. Agus í ar tí dul ar mheánscoil ar an mórthír, d’imigh sí chun slán a fhágáil le Rónán. Thit sí san uisce, d’imigh sí le Rónán agus sin mar a tharla ina seilchí í. Ach bhí sí fós in ann cuairt a thabhairt ar a muintir. Rinne sí sin gach lá go dtí gur imríodh cleas uirthi a d’fhág gan chlóca gan chraiceann í. Ní fhéadfadh sí filleadh ar Rónán gur aimsíodh an craiceann arís. Tá insint dheas réidh rithimiúil sa leabhar seo ar théama cáiliúil ón mBéaloideas. Tá sé leagtha amach go deas i gcodanna agus is cabhair iad an habairtí gairide. Cuireann an chaint dhíreach leis an insint. Tá sé cinn de phictiúir aonleathanaigh mar mhaisiú mar mhaisiú ann agus cló breá soiléir sa leabhar seo atá dírithe ar leanaí 7-10 mbl.